Tá an cinneadh déanta ag an ailleadóir agus teagascóir sléibhteoireachta aitheanta Iain Miller logainmneacha Gaeilge a úsáid sa dara leagan dá threoirleabhar dreapadóireachta do chontae Dhún na nGall.
Tógadh Iain in Inse Orc na hAlban ach tá sé ina chónaí le tamall maith de bhlianta i nGaeltacht Thír Chonaill agus is ann a bhíonn sé ag ailleadóireacht agus ag teagasc scileanna sléibhteoireachta den chuid is mó lena chomhlacht Unique Ascent.
D’fhoilsigh Iain an chéad eagrán dá leabhar Rockclimbing in Donegal sa mbliain 2015 agus tá an dara heagrán á réiteach aige faoi láthair. Beidh athrú suntasach mór ann idir an dá eagrán den leabhar: beidh na logainmneacha Gaeltachta a luaitear ann i nGaeilge.
Dúirt Iain le NÓS go ndearna sé an cinneadh na logainmneacha Gaeilge a úsáid tar éis dó a bheith ag labhairt le duine de mhuintir na háite faoin leabhar go gairid i ndiaidh dó an chéad eagrán a chur amach ocht mbliana ó shin.
“Bhí mé ag caint le fear as an áit faoin leabhar nua, fear a bhfuil baint aige leis an údarás áitiúil anseo i nDún na nGall agus dúirt sé liom go raibh sé go maith go raibh leabhar ann a mheallfadh turasóirí go dtí an contae ach go raibh díomá air gur úsáid mé logainmneacha Béarlaithe do na háiteanna Gaeltachta.
“Dúirt sé liom go raibh mé féin ag cur le meath na Gaeilge sa cheantar agus ba údar mór machnaimh domsa an méid sin. Tógadh in Inse Orc in Albain mé, cuid den tír sin nach raibh Gaeilge na hAlban riamh i réim ann, ach tá mé i mo chónaí i gceantar Gaeltachta anseo agus spéis mhór agam sa teanga,” a dúirt Iain.
Tá Iain tar éis an chéad dreapadh a dhéanamh ar 400 balla cloiche agus 50 stua mara le fiche bliain anuas agus tá cur síos aige ar os cionn 1,000 dreapadh ina threoirleabhar. Tá go leor d’oileáin Thír Chonaill san áireamh sa leabhar, Toraigh, Gabhla, Cruit agus Árainn Mhóir ina measc.
B’éigean do Iain cur chuige dátheangach a tharraingt chuige féin i gcás an leabhair ó tharla nach bhfuil leaganacha Gaeilge ann de go leor de na bealaí dreapadóireachta féin a luaitear ann. Chinn sé na logainmneacha Gaeilge a úsáid agus é ag cur síos ar na háiteacha a bhfuil na bealaí dreapadóireacht ann agus na hainmneacha Béarla a bhaist lucht dreapadóireachta ar na bealaí féin a úsáid agus é ag cur síos orthu siúd.
Mar shampla, is é ‘Uaigh’ an t-ainm a bheidh úsáidfear le haghaidh an oileáin Gaeltachta agus leithéidí ‘Tor Glas’, Tor Bán’, agus ‘Tor an Mhadaidh Uisce’ le feiceáil ar charraigeacha timpeall ar an oileán ar léarscáileanna an leabhair ach ‘Holy Jaysus Wall’, ‘Wild Atlantic Wall’ agus ‘The Canyon’ ar na bealaí dreapadóireachta féin, a d’ainmnigh lucht dreapadóireachta.
“Úsáidfear na bun-logainmneacha Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta ar fad. Is é an sprioc atá agam ná na drochleaganacha Béarla de na logainmneacha a ghlanadh amach as an leabhar. Tá mé ag úsáid léarscáileanna ó na 1800idí agus na 1900idí le ainmneacha Gaeilge a aimsiú,” a dúirt sé le NÓS.
Is iad Sléibhteoireacht Éireann (Mountaineering Ireland) a d’fhoilsigh Rockclimbing in Donegal in 2015. Níl an t-eagrán nua den leabhar ar fáil fós ach is féidir leagan 2015 a cheannach anseo.