Logainmneacha Shasana i nGaeilge

Agus cúrsaí polaitíochta ag imeacht chun donais sa Ríocht Aontaithe i rith an ama, tá gach cosúlacht ar an scéal go mbeidh ar Borris Johnson tarrtháil pholaitíochta a iarraidh gan mhoill.

Tá roinnt ag tuairimiú go n-iarrfaidh Sasana ar Dháil na hÉireann glacadh leis mar chúige úr in Éirinn Aontaithe.

Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, áfach, bíonn ar aon ‘contae’ leagan Gaeilge den logainm a chur ar fáil. Creidtear go bhfuil oifigigh i mBrainse Logainmneacha Shasana ar a míle dícheall ag iarraidh teacht ar na logainmneacha nua.

Idir an dá linn tá dréachtléarscáil déanta ag Nósadóirí a léiríonn Logainmneacha Shasana agus iad Gaelaithe.

Tá meascán ann idir cheartleaganacha ar nós Manchain, Learphoill is Briostó. Tá leaganacha áirithe eile a mholtar anois is arís ar nós Doirelondain (féach mar a bhraitheann sé anois a Bhoris!).

Cinn eile is diabhlaíocht is bun leo, ciall ghreannmhar bainte as an logainm Béarla. Cinn áirithe eile is éard atá iontu iarracht Gaelú mar a rinneadh nuair a galldaíodh logainmneacha na hÉireann – iarracht teacht ar mhúnla dúchais a d’oirfeadh don ainm – mar atá Dairbe ar Derby. Rinneadh iarracht teacht ar bhunús stairiúil roinnt logainmneacha eile chun leaganacha Gaeilge atá ag tarraingt ar bhunchiall an Bhéarla a chruthú. Tógadh cúpla sampla ó Ghaeilge na hAlban, mar atá ‘Cathair Luail’.

Mar sin tá an léarscáil úr seo á seoladh go Buiríos Mac Eoin, Taoiseach na Ríochta Aontaithe. Ní foláir cuimhneamh gurb í an Ghaeilge príomhtheanga oifigiúil na tíre agus mar sin go mbeadh ar Shasana glacadh leis an stádas sin má tá an tarrtháil pholaitíochta uathu.

Teastaíonn ó NÓS go mbeidh Buiríos iomlán ar a chumas na ceartleaganacha Gaeilge seo a úsáid i nDáil Shasana agus é ag lorg airgead do bhóithre ina Dháilcheantar áitiúil – ó bhinsí an fhreasúra.


Rabhadh

Mura léir duit cheana é is píosa diabhlaíochta atá sa léarscáil agus in go leor de na moltaí seo, ainneoin leaganacha dlisteanacha go leor agus bunús le go leor eile. Is ar mhaithe le spraoi a cruthaíodh é.

Ná faigh tatú den iomlán ar d’aghaidh le do thoil. B’fhearr freisin gan tagairt don léarscáil in aon obair oifigiúil. Seachas roinnt foirmeacha seanbhunaithe Gaeilge is iad na leaganacha Béarla de logainmneacha na gcathracha a úsáidtear agus daoine ag labhairt agus ag scríobh i nGaeilge de ghnáth.

Seo léarscáil atá cruthaithe ag Google Maps a léiríonn an bealach a bpléann Gaeilgeoirí le logainmneacha Shasana sa ghnáthúsáid.

Agus seo thíos roinnt de na moltaí eile a tháinig isteach. Má tá ceann ar bith a rith leat cuir chugainn é!

BéarlaRogha 1Rogha Eile
LondonLondainDoirelondain / Longdún
DoverDobhar
BrightonAn GhealchathairAn Baile Geal
SouthamptonAn Sráidbhaile TheasBaile Liamháis Theas
PlymouthAberplymmBéal Átha Pluma
PenzancePennsansPeannsans
ExeterÉisctírDún na hÉisc / An tSlí Amach
BristolBriostóCathair na Scornaí
OxfordÁth na nDamh
BirminghamBaile na ScuabGleann an Ghuail
CambridgeAn Droichead Cam
NorwichAn Chluain Thuaidh
LeicsterLaicheanCathair Luí
NottinghamBaile na nUaimheannaCathair na Smaoise
DerbyDairbe
ManchesterManchainGruaig Chliabhrach na bhFear
LiverpoolLearpholl
LeedsLíodsRuithreach / Snáithíní / Na Cáblaí
YorkEabhrac
WhitbyAn Baile BánBáinibe
Newcastle-upon-TyneAn Caisleán Nua Cois Taidhn
CarlisleCathair LuailInis Cearbhaill
KendalAn Ceann DallCeann an Ghleanna
Isle of WightInis Iocht
English ChannelMuir nIocht
BathCathair an FholcadáinAn Bád
NorthumberlandTír a’ Chumair Thuaidh
BradfordAn tÁth Mór
SheffieldGort na hAbhann ScarthaGarraí an Chócaire
CanterburyBuiríos na gCeantDaingean Uí Cheannt / Dún na gCeint
Chester Baile an Bhrollaigh Baile na Cléibhe

Míle buíochas leis an slua dílis Gaelaithe a rinne go leor de na moltaí thuas. Maith iad Aonghus, Caoimhín, Rónán, Pól, Katie, Caoilte agus Áine! Brexit sona daoibh go léir.

SCÉALTA EILE