Lonnaíochtaí Úra Gaeilge

Déanann Ciarán Dunbar cur síos ar an bhfís atá aige go mbunófaí Gaelphobail úra ar fud na tíre, forbairt atá riachtanach má tá an Ghaeilge chun teacht slán, dar leis.


In alt a scríobh mé do Nuacht24 siar i Meitheamh 2009, léirigh mé mo chreideamh féin nach féidir slánú agus todhchaí na Gaeilge a chinntiú gan pobail úra a chur ar bun ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt mar phríomhtheanga.

B’shin ráiteas misin na heagraíochta Baile, a bunaíodh go gairid roimhe sin chun “Gaelphobail úra a bhunú”.

Creidim go pearsanta nach mbeidh mórán de thodhchaí roimh an Ghaeilge gan lonnaíochtaí úra, áiteanna ina bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga i ngach gné den saol agus ina bhfuil sí mar rogha-theanga ag tromlach na ndaoine atá ag cur fúthu sa cheantar. Gaelphobail úra.

Cén fáth nach mbainim úsáid as an fhocal ‘Gaeltacht’?

Cad is fiú? Ní gá trioblóid a chothú gan chúis – ní tábhachtach an teideal ná an teorainn – is é an Ghaeilge mar theanga labhartha ann an t-aon rud atá tábhachtach.

Cé nach bhfuil an t-eagras Baile ag feidhmiú a thuilleadh, d’éirigh linn cuspóir a chomhlíonadh, mar a bhí, taighde a dhéanamh agus coincheap na lonnaíochtaí úra a phoibliú.

Tá an coincheap sin go fóill á scaipeadh agus á phlé ach seo an fhís atá agam féin chun Gaelphobail úra a bhunú. Fís dhuine aonair atá ann ar ndóigh agus ní gá go mbeadh gach duine den tuairim cheannann céanna faoi lonnaíochtaí.

Tá mise ag maíomh as cur chuige le cúig ghné – bunaithe ar na rudaí ar éirigh leo go dtí seo:

– Gaelscoil
– Cultúrlann / Club Sóisialta
– Ionad Gnó
– Lonnú Gaeilgeoirí i gceantar ar leith
– Scéim tithíochta ann chun Gaelphobal úr a mbeadh rath air a thógáil

Creidim go bhfuil gach eilimint acu sin riachtanach chun fíor-phobal teanga a thógáil. Má tá eilimint amháin ar lár, tá sé thar a bheith deacair gnáthphobal teanga a thógáil.

Má tá dhá cheann, nó níos mó ar lár, ní féidir é a dhéanamh. Níl rud ar bith réabhlóideach fá rud ar bith acu sin, is é an difear ná go mbeadh siad á ndéanamh in aon áit amháin.

Gaelscoil
Déarfadh daoine go minic liom, “an bhfuil sibh ag caint fá phobail a thógáil thart ar Chultúrlann, nó thart ar Ghaelscoil?”

Cén fáth a mbeadh orainn ceann amháin acu a roghnú? Rud bunúsach riachtanach é Gaelscoil dar liom.

Bheadh oideachas trí mheán na Gaeilge de dhíth ag páistí an Ghaelphobail ar ndóigh, ach chomh maith leis sin, bheadh an saol níos Gaelaí agus níos éasca dá mbeadh cuid mhaith de pháistí an cheantair máguaird ag freastal ar an scoil – síol a fhásfas ina chrann darach atá uainn, ní daingean a thitfeas lá éigin, luath nó mall.

Cultúrlann / Club Sóisialta
Cén cineál pobail a bheadh ann gan áit lárnach ina bhféadfadh daoine bualadh le chéile agus feidhmiú mar phobal?

Thiocfadh leat tithe a thógáil i mullach ar a chéile ach mura bhfuil daoine ag bualadh le chéile agus ag caint, ní pobal teanga nó pobal ar bith é sin. Beatha teanga í a labhairt – i gcomhthéacs pobail. Agus, maith nó olc, ólann daoine.

Le tábhacht na gné seo den Ghaelphobal úr a thuigbheáil, níl le déanamh ach amharc ar an áit lárnach atá ag an gClub Sóisialta i Ráth Cairn agus ar an tionchar atá ag Cumann Chluain Ard agus ag an Chultúrlann ar phobal Gaelach Bhéal Feirste.

Ionad Gnó
Tá fostaíocht de dhíth i ngach pobal. Mura bhfuil fostaíocht ann, níl i gceist ach baile codlata nó ‘commuter town’.

Chomh maith leis sin, in Éirinn, dá mba rud é nach raibh fostaíocht ar fáil sa Ghaelphobal nua, bheadh beagnach gach duine sa phobal ag obair trí Bhéarla, rud a mbeadh tionchar diúltach aige ar iompar teanga an phobail sa deireadh.

Lonnú Gaeilgeoirí agus Scéim Tithíochta
Déarfadh daoine i gcónaí linn –“an bhfuil sibh ag caint fá dhaoine a lonnú in áit éigin ar nós Ghaeltacht Ráth Cairn nó scéim tithíochta a thógáil ar nós Bhóthar Seoighe?”

Bheinn féin ag iarraidh an dá rud a dhéanamh – más ag caint faoi lonnaíocht faoin tuath atá muid – san áit chéanna ag an am céanna.

Sílim go mbeadh scéim tithíochta ar nós Bhóthar Seoighe riachtanach chun ‘croí’ teanga a thabhairt don áit, chun feidhmiú mar ‘fhíorGhaeltacht’ agus mar dhún lárnach leis an Ghaeilge a spré amach as. Ach caithfear a bheith cúramach – bheadh eagla ar dhaoine bheith ina gcónaí i ‘gcomún’. Tá measarthacht ar gach rud.

B’fhéidir ‘coilíniú’ a dhéanamh ar cheantar tuaithe ach ba riachtanach scéim tithíochta a bheith ann mar chroí an phobail, clachán tithe nó sraith tithe atá i gceist agam.

Mar sin féin, níorbh leor é sin. Fás nó bás – sin an rogha. Ní dóigh liom in aon chór go gcaithfeadh gach Gaeilgeoir a bheith ina gcónaí ar mhullach a chéile.

Silím dá mbeadh teaghlaigh ann ina gcónaí laistigh de 10 míle de lárionad / scoil / scéim títhíochta gurbh éifeachtach sin chun pobal teanga a thógáil. Ba riachtanach Gaeil eile a spreagadh chun lonnú sa cheantar, coilíniú más maith leat, ag glacadh Ráth Cairn mar dhea-shampla.

Ach más coilíniú atá i gceist, caithfear tacaíocht éigin don Ghaeilge a bheith sa phobal cheana féin agus ar a laghad roinnt de mhuintir na háite páirteach ann nó bheadh scoilt ann idir muintir na háite agus na ‘blow-ins’ go deo. B’fhearr é go mbeadh dhaoine áitiúla in ann tús a chur leis agus ansin daoine ón taobh amuigh a earcú ina dhiaidh sin.

Cé chomh deacair is a bheadh sin?

Ní bheadh sé éasca, ach bheadh sé indéanta. Thar rud ar bith eile, bheadh díograis, fís dhearfach, allas agus, ar ndóigh, cumas chun a bheith ag comhoibriú le daoine eile de dhíth.

Tá beagnach gach rud ar an liosta sin thuas á dhéanamh ar fud na tíre – níl mise ach ag caint ar iad a dhéanamh in aon áit amháin. Ní bheadh tacaíocht ann ó Fhoras na Gaeilge nó dream ar bith eile rialtais do ghníomh mar sin, rud ón bhun aníos a bheadh i gceist. Ní hé an t-airgead an fhadhb is mó, mar a shíltear, ach na daoine a earcú.

Ach creidim nach féidir fíor-ráth bheith ar an Ghaeilge mar theanga bheo gan é. Má tá duine ar bith ar aon fhocal liom, bígí i dteagmháil.

@CiaranDunbar

SCÉALTA EILE