Beidh lucht labhartha na Gaeilge agus lucht a dtacaíochta ag teacht le chéile ag Stormont an tseachtain seo chugainn le agóid Nollag a dhéanamh ar son a gceart teanga. Beidh cainteoirí Gaeilge, agus daoine a thacaíonn leo, ag teacht le chéile Dé Luain an 16 Nollaig ag meán lae le hagóid a chur suas ag Stormont ar son Acht Gaeilge.
Tá beagnach trí bliana imithe tharainn anois ó tharraing an tAire Oideachais Paul Weir sparánachtaí Gaeltachta siar agus thit an tóin as Stormont. Tá cúrsaí ina marbhsháinn ó thuaidh ó shin agus gan radharc ar réiteach ar an gceist go fóill.
Tháinig an Dream Dearg le chéile den chéad uair go luath in 2017 le cearta teanga a éileamh, agus tá feachtas fadtéarmach ar siúl acu ó shin le brú ar chur ar an aos polaitíochta ó thuaidh Acht Gaeilge a thabhairt isteach ar mhúnla na nAchtanna Teanga atá i bhfeidhm sa mBreatain agus sna 26 Contae.
Tá an Dream Dearg ag lorg “Cearta, Cothromas agus Cóir don Ghaeilge an Nollaig seo” leis an agóid agus súil acu go mbeidh go leor daoine amuigh ag tacú leo.
Beidh bus ag fágáil Chultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál ag 11.15 agus beidh an agóid féin ar siúl ag Stormont ag 12.00.