Mallachtaí don Nua-aois

I mbun cumadóireachta atá Ciara Ní É an iarraidh seo, agus í ag breathnú ar stór mallachtaí i nGaeilge a fheileann don nua-aois!


In Éirinn is minic a chloistear ‘foc’.

Bímid an-chruthaitheach lena úsáid, bíodh sé mar aidiacht “an focan carr”, ainmfhocal “focair cheart”, nó briathar “ag focáil thart” againn.

Ar ndóigh, tá bealach níos fearr, níos dúchasaí, níos oiriúnaí ag na Gaeil a bheith ag scaoileadh le heascaine ina dteanga féin.

Tá traidisiún seanbhunaithe de mhallachtaí i nGaeilge – agus a aimsir féin “An Modh Foshuiteach” – bíodh a fhios agat.

Tá roinnt acu cineál as dáta don nua-aois áfach agus chuige sin, bheartaigh mé féin agus Eoin P. Ó Murchú, scríbhneoir rialta de chuid na hirise seo, gur fiú uasdátú a dhéanamh ar roinnt acu.

Mar shampla, seachas ‘go n-ithe an cat thú’, céard faoi, ‘go n-ithe an ATM do chárta’?

Agus in áit ‘go raibh lá deas ag do chairde, do’d adhlacadh’, céard faoi, ‘go raibh lá deas ag do chairde gan tusa a bheith ann, ach go bhfeice tú an lá sin ar Twitter, Snapchat, Instagram, Facebook, agus go raibh FOMO uafásach ort.’

Don té nach bhfuil a fhios acu, ciallaíonn FOMO – “Fear Of Missing Out” – imní agus tú ar iarraidh.

Tar éis dúinn liosta mór fada a chur le chéile, throideamar cath fuilteach mallachtaí ar Twitter, go léir ar an haischlib #mall8

Is féidir an sruth a leanúint ón gcéad ghiolc sin, agus is féidir cur leis an sruth ach úsáid a bhaint as an haischlib #mall8.

Bhí Gaelphobal Twitter lántoilteanach tabhairt faoin dúshlán, seo roinnt giolcacha greannmhara uathu:

Uafás síoraí Whatsapp:

Seans amú ar Tinder:

Ifreann an léitheora ardnósaigh:

An tagairt rúnda:

An fhadhb Éireannach:

Agus bhíodar ann a bhain taitneamh as don ghramadach (mar is dual do Ghaelgeoirí áirithe!):

As seo amach, nuair atá duine ag cur as duit, ní gá duit ach súil a chaitheamh ar #mall8 le samplaí breá nua-aimseartha a aimsiú.

Agus mura féidir leat teacht ar an mallacht chuí duitse, bí páirteach le do thoil agus cuir leis an liosta!

Má tá leisce ort do mhallacht féin a chumadh, tá An tInneall Mallachtaí ann le cabhrú leat!

Ní gá ach cúpla cnaipe a bhrú agus PING! tá do mhallacht agat, réidh le húsáid.

Slán agus #mall8!😉

SCÉALTA EILE