Margadh na gceart an margadh ceart

Is ar éigean a tugadh aird ar bith ar an fhógra is deireanaí go bhfuil síneadh eile – arís – curtha leis an bhabhta seo d’idirbheartaíocht ar Chnoc an Anfa. Cé gur teanga shaibhir é an Béarla, tá tobar na n-oifigeach caidrimh phoiblí beagnach tráite agus iad ag iarraidh teacht ar fhocal éigin a chuirfidh síos ar staid na gcomhchainteanna. 

Intense’ atá roghnaithe acu an iarraidh seo. Ach is cuma cá mhéad focal éagsúil a úsáidfidh siad le craiceann úr a chur ar an scéal, níl athrú dá laghad tagtha ar chúrsaí le fírinne. Is ann go fóill do na constaicí céanna agus caithfear iad a shárú. 

Rud amháin a bhféadfaí é a athrú an t-am seo ná ról agus cur chuige an dá rialtas. Deir Arlene Foster gur ceisteanna ‘Shraith 1’ amháin iad na ceisteanna atá le réiteach agus nach mbaineann siad beag ná mór le rialtas na hÉireann. 

Ach tá oifigigh Bhaile Átha Cliath níos gníomhaí sna comhchainteanna ná mar a bhí go dtí seo. Chomh maith leis sin, tá gealltanais ar leith déanta ag an dá rialtas, i gComhaontú Aoine an Chéasta agus i gComhaontú Chill Rìmhinn, maidir le dhá cheist atá go mór i mbéal an phobail agus atá gan réiteach go fóill, mar atá Acht na Gaeilge agus pósadh comhghnéis.

Is é ceann de na bunspriocanna a bhí le Comhaontú Aoine an Chéasta grúpaí ar imeall na sochaí a thabhairt isteach ón fhuacht. Bhí ‘gníomh diongbháilte’ le déanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus bhí Bille um Chearta le tabhairt isteach. Siocair nár pléadh go cuimsitheach le cearta daoine ag an am sin, áfach, tá ceisteanna áirithe ina gcnámh spairne fós – agus tá an DUP go háirithe ag cur dua orthu féin cosc a chur ar dhul chun cinn i dtaca leis an chomhionannas. Dar leo, tá ceisteanna comhionannais ‘polaitiúil’ agus ‘conspóideach’.

Cuireadh suas leis an tseafóid seo ar feadh fada go leor ar mhaithe leis an phróiseas polaitíochta a chur ar a bhonnaí mar is ceart, rud a bhí ríthábhachtach le go mbláthódh an tsíocháin. Ach le himeacht ama, agus beag is fiú déanta ag grúpaí imeallaithe ag an DUP arís is arís eile, pobal na Gaeilge ina measc, tá ceist an Achta, pósadh comhghnéis agus eile bogtha isteach go croílár an dioscúrsa polaitíochta. 

Tá glúin óg tagtha in inmhe ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta agus níl siad sásta leis an easpa dul chun cinn ó thaobh bhunchearta an duine sa tsochaí seo. Tá na sluaite móra i ndiaidh dul amach ar na sráideanna lena gcearta éagsúla a éileamh. Níl foighde acu leis na maslaí ná leis an dímheas atá léirithe ag leithéidí Gregory Campbell agus Sammy Wilson. Tá sochaí níos fearr uainn. 

Tá na heasnaimh níos soiléire le cúpla bliain anuas mar gheall ar na céimeanna dearfacha atá tugtha chun cinn ó dheas. Mar sin, is léir agus is rí-léir go gcaithfidh na páirtithe ó thuaidh – agus an dá rialtas go mórmhór – an margadh ceart a dhéanamh an babhta seo. Agus is ‘margadh na gceart’ a bheidh in aon mhargadh fiúntach a sheasfaidh an aimsir.

Mura leagfar síos dúshraith láidir agus mura bpléifear leis na ceisteanna seo uilig go cuimsitheach anois, ní fada go dtitfidh an t-iomlán as a chéile arís. Ina leithéid de chás, chaithfí athmhachnamh ó bhun a dhéanamh ar inmharthanacht roinnt na cumhachta mar shamhail rialtais anseo. 

Ní raibh an comhaontú dréachta a rinneadh i mí Feabhra anuraidh maith go leor, ná baol air. Rinneadh neamhaird iomlán ar chuid de na gnéithe is tábhachtaí ó thaobh cearta teanga de, comharthaíocht mar shampla, agus ní féidir glacadh leis sin. 

Tá teachtaireacht shoiléir tugtha ag an phobal arís agus arís eile maidir lena bhfuil uainn ó thaobh aitheantas teanga agus reachtaíochta de. Seo an t-am le margadh ceart a dhéanamh. Reachtaíocht bunaithe ar an chleachtas is fearr go hidirnáisiúnta agus a chomhlíonann an gealltanas i gComhaontú Chill Rìmhinn atá uainn. 

Tá an Bhreatain Bheag luaite mar eiseamláir sa chomhaontú sin mar tá siad ag plé le reachtaíocht teanga le breis agus dhá scór blianta anuas. Tuigeann siad go maith cad iad na samhlacha reachtaíochta atá éifeachtach agus cad iad na bearta nach n-oibríonn. Nár shuarach an gníomh é, mar sin, cur chuige lochtach a chur i bhfeidhm anseo agus a fhios againn go bhfuil sé lochtach agus réiteach a bheith oibrithe amach cheana féin ag ár gcomharsana? Ní ghlacfaimid lena leithéid.

Tá an Ghaeilge mar chnámh spairne ar Chnoc an Anfa le fada, go háirithe sna tréimhsí ina mbíonn brú ar pholaiteoirí margadh a dhéanamh nó in aimsir toghchánaíochta. An locht mór a bhí leis an mhargadh a rinneadh i mí Feabhra ná go mbeadh cur chun cinn na teanga fós ag brath ar pholaiteoirí.

 Mar shampla, bheadh ar an Chéad-Aire agus ar an LeasChéad-Aire cinntí an Choimisinéara Teanga a dhaingniú. D’fhágfadh sé sin nach mbeadh neamhspleáchas ar bith ag an Choimisinéir agus go mbeadh an teanga go fóill i laincisí ag an aos polaitíochta. Seachas ‘dípholaitiú’ a dhéanamh ar an Ghaeilge, bheadh ‘athpholaitiú’ á dhéanamh uirthi.

Tá cúiseanna imní go leor ag cainteoirí agus gníomhaithe Gaeilge maidir leis na moltaí a rinneadh i mí Feabhra agus tá súil againn nach séidfear anáil na beatha iontu arís sa bhabhta idirbheartaíochta atá ar siúl faoi láthair. Tá dream eile ann fosta nach mór dóibh dul i bhfeidhm ar lucht na gcomhchainteanna lena chinntiú go ndéanfar ‘margadh na gceart’ – is é sin iad siúd ar mian leo rialtas slán, daingean a bhunú anseo. Mura ndéanfar margadh ceart an iarraidh seo, beidh an Ghaeilge fós ag dó na geirbe don rialtas. 

Tá pobal na teanga láidir, radacach agus rachaimid i ngleic go tréan le haon iarracht a dhéanfar sinn a choinneáil ar an imeall. Tá an caidreamh atá ag na páirtithe lena chéile leochaileach cheana féin agus níor mhaith an rud é sin a lagú tuilleadh. Gan amhras ar bith, seo an t-am leis an bheart cheart a dhéanamh.