Tháinig méadú 200% ar líon na ndaoine atá ag foghlaim na hÚcráinise ar an aip foghlama teanga Duolingo in imeacht na seachtaine idir an 14 Feabhra agus an 21 Feabhra. Dúradh i ráiteas a d’eisigh an comhlacht go nglacann siad leis sin mar léiriú ar an spéis mhór atáthar a ag cur san Úcráin le tamall anuas agus “b’fhéidir mar chomhartha dlúthpháirtíochta”.
Is í an Úcráinis teanga oifigiúil na hÚcráine. Is teanga Shlavach í, dála na Rúisise, an Pholainnis, an tSlóvaicis, agus an tSeicis. Is gaire an gaol idir an Úcráinis agus an Rúisis agus an Bhealarúisis ná an gaol idir í agus an tSeicis – cosúil ar bhealach leis an ngaol atá idir na teangacha Ceilteacha.
Ainneoin na gcosúlachtaí idir an Rúisis, an Bhealarúisis agus an Úcráinis, is teangacha éagsúla iad agus dála na dteangacha eile ar fud na hEorpa baineann féiniúlacht ar leith leis an Úcráinis. Ní thuigeann formhór na Rúiseach an Úcráinis ach tuigeann go leor leor Úcránaigh an Rúisis. Bhí an Úcráin faoi réimeas Aontas na Sóivéidí ar feadh 70 bliain nó mar sin agus ar feadh an ama sin ba í an Rúisis an t-aon teanga oifigiúil a bhí sa tír. Theastaíodh an Rúisis ó dhuine le déileáil leis an stát agus dá bharr sin tá cumas an-láidir Rúisise ag an seandream san Úcráin agus eolas maith uirthi ag an dream óg freisin.
Tá ceisteanna teanga mar chuid den chogadh atá ar siúl san Úcráin faoi láthair, agus tá an dá theanga ag uachtarán an tíre Володимир Зеленський. Sna físeáin atá eisithe ag Зеленський le cúpla lá anuas, athraíonn sé ón Úcráinis go dtí an Rúisis ag brath ar na daoine a bhfuil sé ag díriú a theachtaireachtaí orthu – a chomhthírigh féin nó muintir na Rúise.
Is féidir clárú le cúrsa Úcráinise Duolingo anseo.