Méadú ar an tacaíocht d’Acht Gaeilge ó thuaidh

Tá ardú tagtha ar líon na ndaoine ó thuaidh a thacaíonn le hAcht Gaeilge ó thit an tóin as Stormont beagnach dhá bhliain ó shin. Tá laghdú tagtha chomh maith ar líon na ndaoine a cheapann nár cheart don stát tacaíocht a thabhairt don teanga. 

Tacaíonn níos mó ná leath an phobail ó thuaidh leis an éileamh ar Acht Gaeilge. De réir suirbhé mór a rinne Millward Brown do Chonradh na Gaeilge i mbliana, aontaíonn 51% den phobal ó thuaidh gur ceart Acht Gaeilge a thabhairt isteach le seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge dóibh siúd atá á n-iarraidh. 

Anuas air sin, thug móramh den phobal ó thuaidh (47%) le fios gur cheart don stát “níos mó tacaíochta” a thabhairt don Ghaeilge, laghdú beag ar an méid a d’aontaigh leis an ráiteas sin trí bliana ó shin (48%). 

Dúirt 32% den phobal ó thuaidh nár cheart don stát tuilleadh tacaíochta a thabhairt don teanga agus ba lú fós an céatadán a cheap nár cheart Acht Gaeilge a thabhairt isteach  — 28%.

Tá méadú tagtha ar an tacaíocht atá ann d’Acht Gaeilge ó thuaidh in imeacht trí bliana a fhad is atá an cur in aghaidh an Achta laghdaithe. Sa suirbhé a rinne Millward Brown don Chonradh in 2015 níor aontaigh ach 40% den phobal gur  cheart Acht Gaeilge a thabhairt isteach agus bhí 30% in aghaidh an Achta. 

Idir an dá linn, thit an tóin as Stormont agus tháinig borradh mór faoin bhfeachtas ar son an Achta. D’éirigh Martin McGuinness, a bhí ina Leas-Chéad Aire ó thuaidh, as an bpost ag tús na bliana seo caite, agus luaigh meon an DUP i leith na Gaeilge i measc na gcúiseanna a d’éirigh sé as. Tháinig An Dream Dearg chun cinn go mór ina dhiaidh sin agus tá feachtas leanúnach ar bun ag an ngrúpa, agus ag grúpaí eile teanga ó thuaidh, ó shin i leith. 

Tá ceist na reachtaíochta Gaeilge ina cnámh spairne ó thuaidh le fada an lá agus tá sí ar cheann de na príomhchúiseanna nach bhfuil Sinn Féin agus  an DUP in ann teacht ar réiteach le Stormont agus na hinstitiúidí eile ó thuaidh a chur ar bun arís. 

Is iad an dream óg (16-24 bliain) is mó a thacaíonn le hAcht Gaeilge ó thuaidh, agus 61% den chohórt sin ar son an Achta. Tá tacaíocht an-mhór ann i measc an dreama atá ruainne beag níos sin ná sin freisin (25-34) agus 59% acu sin ar a shon. Is i gcathair Bhéal Feirste atá an tacaíocht is mó sna Sé Chontae don Acht — 59%. 

 Daoine atá os cionn 65 bliain d’aois is mó (42%) a chuireann in aghaidh an Achta, agus 36% dóibh siúd atá idir 56 agus 64 bliain d’aois. Daoine sa rannóg suirbhéireachta AB (daoine gairmiúla a oibríonn ag leibhéal na hard- agus meánbhainistíochta agus riarachán) is mó a dhiúltaíonn le hAcht Gaeilge (36%) agus daoine sa rannóg DE (daoine gan obair agus oibrithe leathoilte agus neamhoilte is mó a thacaíonn leis (54%). 

SCÉALTA EILE