Ní mó ná sásta atá gníomhairí teanga ó thuaidh faoin seasamh atá ag an bpáirtí polaitíochta Aontú ar cheist an Achta Gaeilge ó thuaidh. Dúirt Peadar Tóibín, ceannaire an pháirtí, inné go gcreideann sé gur chóir do pháirtithe an Tuaiscirt filleadh ar Stormont arís fiú mura mbíonn Acht Gaeilge ann.
Dúirt Tóibín, ar cainteoir Gaeilge é, go gcreideann sé gur tábhachtaí seirbhísí eile a chur ar fáil seachas Acht Gaeilge a éileamh agus go bhfuil drochthionchar á imirt ar mhuintir na Sé Chontae mar gheall ar an marbhsháinn pholaitíochta atá ann faoi láthair.
Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin ón ngrúpa An Dream Dearg go bhfuil “míléamh iomlán” déanta ag Peadar Tóibín agus a pháirtí ar an “dearcadh agus an tiomantas” atá ag pobal naGaeilge ó thuaidh le “sochaí ceartbhunaithe a bhaint amach”.
“Le breis agus trí bliana anuas, tá an pobal [Gaeilge] glórach, gníomhach ar na sráideanna, ag bualadh le polaiteoirí agus i mbun stocaireachta claochlaitheach le go gcuirfear na gealltanais a tugadh 13 bliain ó shin i bhfeidhm. An t-aon dream lasmuigh d’Aontú atá den tuairim go bhfuil an milleán orthu siúd atá ag éileamh a gceart, seachas orthu siúd atá ag séanadh na gceart céanna, ná an DUP.
“Tá sé tábhachtach go ndéanfaidh Aontú athmhachnamh ar an mhéad atá ráite acu agus go ndéanfaidh siad gach iarracht a dtionchar a úsáid le brú a chur orthu siúd atá ag diúltú cearta teanga ar an phobal ó thuaidh, seachas ag éileamh ar pháirtithe pilleadh ar an Tionól nuair nach bhfuil aon dul chun cinn déanta,” a dúirt sé.
Tá beagnach trí bliana ó shin ó thit an tóin as Stormont mar gheall ar an gcaoi ar chaith an DUP leis an nGaeilge. Tá an Dream Dearg gníomhach ó shin ag éileamh Acht Gaeilge do na Sé Chontae a chinnteodh stádas oifigiúil na Gaeilge sa gceantar.
Tá tacaíocht tugtha ag go Sinn Féin, an Comhaontas Glas, Alliance, agus an SDLP d’Acht Gaeilge. Ní thacaíonn aon cheann de na páirtithe aontachtacha leis an éileamh ar Acht Gaeilge, agus tá an DUP go fíochmhar ina aghaidh.