Moltaí á lorg ag comhlacht idirnáisiúnta maidir le hainm Gaeilge

Tá an t-ollsiopa spóirt Decathlon leis an dara siopa a oscailt in Éirinn go luath agus tá moltaí á lorg ag an gcomhlacht maidir le hainmniú an tsiopa nua. D’fhiafraigh an comhlacht Francach dá leantóirí ar na meáin shóisialta inné cé acu ab fhearr leo a bheith ar chomharthaíocht an tsiopa nua i mBaile Átha Cliath — ‘Decathlon Ballymun’ nó ‘Decathlon Baile Munna’. 

Cé go bhfuil cuma an chleasa margaíochta ar na postálacha a rinneadh ar Twitter agus ar Instagram, tá freagra sách soiléir tugtha ag muintir na hÉireann gur mhaith leo go mbeadh ainm Gaeilge ar an siopa nua atá le hoscailt i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath i mbliana. Tá siopa ag Decathalon i mBéal Feirste le tamall de bhlianta anuas ach níl aon chomharthaíocht i nGaeilge ag an ionad sin. 

Ar Twitter agus ar Instagram tá roinnt mhaith freagraí faighte ag Decathlon ar an gceist, ach, mar is iondúil, is ar Facebook atá an t-aicsean ar fad ag tarlú agus breis agus dhá mhíle vóta caite ar shuirbhé a chuir an comhlacht mór spóirt ar a leathanach. 

Agus an t-alt seo á scríobh, tá 58% de lucht leanta Decathlon ag tacú le hainm Gaeilge a bheith ar an siopa nua. Tá an claonadh sin le feiceáil sna freagraí ar na meáin shóisialta eile freisin. 

Ní hé an t-ainm Gaeilge nó Béarla atá i mbéal an phobail den chuid is mó, áfach, ach dáta oscailte an tsiopa chomh maith le láithreacha eile do shiopaí Decathlon ar fud na tíre. Osclaíodh an chéad siopa in Éirinn in 2010, agus cé gur luadh chomh fada siar le 2008 go raibh súil ag Decathlon siopa a bheith acu i mBaile Átha Cliath, níor osclaíodh aon cheann eile ó shin. Tá ráite ar shuíomh Éireannach an tsiopa go bhfuil sé i gceist acu suas le naoi siopa a oscailt ar fud na hÉireann amach anseo.  

Osclaíodh Decathlon in 1976 sa bhFrainc agus tá breis agus 1,500 siopa acu i mbeagnach 50 tír. Tá siad ar cheann de na siopaí spóirt is mó sa Mór-Roinn agus trealamh, eadaí agus earraí eile spóirt acu don iliomad spórtanna. Is forbróir agus dearthóir trealaimh é Decathlon chomh maith agus tá go leor brandaí dá chuid féin ag an gcomhlacht. 

SCÉALTA EILE