Mórtas teanga mhuintir Québec

Mar is eol do mhórchuid léitheoirí na hirise seo, is tír mhór, leitheadach agus dhátheangach é Ceanada.

Caithfidh comharthaí, doiciméid oifigiúla, fógraí, teagmháil leis an stát srl. a bheith ar fáil sa Fhraincis agus sa Bhéarla araon.

Seans go gceapfá, mar sin, go bhfuil an córas ar aon dul leis an gcóras atá i bhfeidhm anseo in Éirinn.

Ach níl – tá ag éirí i bhfad níos fearr le muintir Cheanada i ngnó an dátheangachais ná mar atá ag éirí linne.

Tá an Fhraincis le feiceáil ar fud na tíre ar fad – ón Atlantach go dtí an tAigéan Ciúin – ach is in Québec, cúige mór in oirthear Cheanada, atá an lámh in uachtar ag na Frainciseoirí.

Níl sé riachtanach comharthaí bheith i mBéarla in Québec fiú, tá cead acu iad a fhágáil i bhFraincis amháin.

Thug mé cuairt ar Cheanada le déanaí.

In Toronto, cathair Bhéarla, ní raibh mórán Fraincise le cloisteáil ach bhí sí go fóill le feiceáil i ngach áit.

Bíonn na lipéid ar earraí atá ar díol sna siopaí – uisce, bainne, arán srl. – dátheangach chomh maith leis na fógraí oifigiúla ar na sráideanna, ar an gcóras iompar poiblí agus gach rud eile.

comhartha-quebec

I Montréal áfach, bhí scéal eile ar fad ann.

Seo príomhchathair na Québécois, lucht labhartha na Fraincise, agus áit ina dtugann Starbucks ‘Café’ air féin agus ina bhfuil ‘Le Weston’ ar an óstán The Weston.

Dúirt duine éigin liom gur féidir leat maireachtáil go hiomlán i mBéarla nó go hiomlán i bhFraincis in Québec.

Ní chreidim é.

Níor chuala mé mórán Béarla ar na sráideanna ná sna siopaí thar na cúig lá a chaith mé i Montréal.

Bhí muintir na cathrach béasach go leor nuair a tháinig deireadh le mo chuid frásaí Fraincise, agus bhí Béarla líofa acu ar fad, ach ba í an Fhraincis an phríomhtheanga phobail a chuala mé ann – ó dhaoine fásta agus seantuismitheoirí go déagóirí agus páistí óga.

Go deimhin, d’fhéadfá a rá go bhfuil muintir Québec níos díograisí ó thaobh na teanga de ná muintir na Fraince féin.

Ar na bóithre sa Fhrainc (mar atá ar fud na hEorpa) feiceann tú comharthaí ‘STOP’ scríofa leis an bhfocal Béarla.

In Québec áfach is ‘ARRÊT’ a fheictear ar na comharthaí sin.

Agus nuair atá tú ag iarraidh fáil amach cá mhéad a chosnaíonn rudaí tá an comhartha dollair i ndiaidh an phraghais mar seo: 7.99$ in ionad $7.99.

Is nós é sin de chuid na bhFrancach freisin.

Maidir le daoine nach bhfuil an Fhraincis ar a dtoil acu, cuireann rialtas Québec deontais ar fáil chun dhá bhliain a chaitheamh ag foghlaim na Fraincise go lánaimseartha.

Is í an aidhm atá leis seo ná go bhfanfadh níos mó daoine in Québec tar éis dóibh aistriú go Ceanada ó thíortha eile dá bharr.

Tá an deontas ar fáil do mhuintir Cheanada chomh maith.

Samhlaigh a leithéid de dheontas anseo in Éirinn agus an tionchar a bheadh aige ar labhairt na Gaeilge…

comhartha-arret

Ar scoil, caithfidh páistí sa tír iomlán Fraincis a fhoghlaim go dtí go bhfuil siad thart ar 13 bliain d’aois.

Ina dhiaidh sin is féidir leo é a roghnú mar ábhar staidéir más maith leo.

Ach in Québec ar ndóigh níl aon rogha sin acu – caithfear leanúint leis an bhFraincis go deireadh na scoile.

Tá an-chuid scoileanna lán-Fhraincise timpeall na tíre agus freastalaíonn daoine ó gach cúlra orthu.

Is i bhFraincis a scríobhtar nuachtáin áitiúla Montréal.

Chonaic mé cúpla nuachtán Béarla ach ní mórán.

An t-aon áit ar chuala mé stáisiún raidió Béarla in Montréal ná sa cheantar Síneach.

Bhí an leagan Fraincise de na hirisí Vogue agus Vanity Fair ar díol sna siopaí fiú.

Tá bród orthu as a dteanga agus níl aon drogall orthu í a úsáid ná a chur chun cinn.

De réir dhaonáireamh 2011, is í an Fhraincis an phríomhtheanga laethúil ag 7 milliún duine i gCeanada, as daonra de 35 milliún san iomlán.

Bhí ardú beag san fhigiúr sin ó 2006 nuair a dúirt 6.8 milliún duine gurb í an Fhraincis a máthairtheanga.

Is in Québec atá a bhformhór mór lonnaithe – deir 78% den chúige gurb í an Fhraincis atá mar phríomhtheanga acu.

Cé go bhfuil an teanga iontach láidir – ar bhonn pobail agus ar bhonn oifigiúil – in Québec níl an meas céanna uirthi sa chuid eile den tír ná an riachtanas céanna chun í a úsáid.

Tá roinnt cairde agam a d’fhás aníos i gCeanada agus d’fhoghlaim siad Fraincis ar scoil ach níl mórán den teanga fágtha acu anois.

Ar bhealach tá dhá Cheanada ann – tír na Fraincise agus tír an Bhéarla – agus ón méid atá feicthe agam féin is amhlaidh a bheidh ar feadh i bhfad eile.

Tá bóthar fada le siúl againne in Éirinn má tá muid chun dátheangachas iomlán a bhaint amach mar atá déanta acu i gcúige Québec (agus ar ndóigh tá cuinsí eile i réim anseo) ach tá eiseamláir shoiléir leagtha amach acu d’aon cheantar eile a mbeadh fonn orthu iad a leanúint.

 

SCÉALTA EILE