Tá litir oscailte seolta ag an ngrúpa feachtais Misneach chuig cathaoirleach na Comhairle Múinteoireachta, Seán McMahon, lena míshásamh a léiriú faoin gcaighdeán Gaeilge atá ag múinteoirí an stáit.
Deirtear sa litir, a foilsíodh ar shuíomh Misneach inné, go bhfuil “imní mhór” ar an eagraíocht faoi mhúinteoirí nuacháilithe sa tír a cláraíodh leis an gComhairle Múinteoireachta a bhfuil “caighdeán íseal” acu sa Ghaeilge.
“Mura bhfuil múinteoir in ann an Ghaeilge a labhairt agus a scríobh go cruinn agus go beacht; cén seans atá ag an bpáiste óg?” a fhiafraítear de McMahon.
Maíonn Misneach go raibh ionadaithe na heagraíochta ag labhairt le príomhoidí timpeall na tire a deir go mbíonn sé deacair orthu múinteoirí nua a bhfuil “a ndóthain Gaeilge acu” a aimsiú.
“Tar éis dúinn a bheith ag caint le príomhoidí timpeall na tíre, i nGaelscoileanna go háirithe, deir siad linn nach féidir leo teacht ar mhúinteoirí, atá díreach críochnaithe sna Coláistí éagsúla Oiliúna, agus dóthain Gaeilge acu chun bheith ag múineadh sna scoileanna sin.
“Ní tharlódh a leithéid in aon tír eile ar domhan, is ábhar náire é. Más múinteoir thú, i scoil náisiúnta, ba cheart go mbeifeá sásta do theanga náisiúnta, .i. an Ghaeilge, a labhairt agus a mhúineadh,” a deirtear sa litir.
Maíonn Misneach go bhfuil múinteoirí nach bhfuil Gaeilge mhaith acu “á gclárú go héasca agus gan dua leis an gComhairle Múinteoireachta”.
Tugtar le fios sa litir ghearáin go ndearna an eagraíocht gearán oifigiúil leis an Roinn Oideachais agus Scileanna faoi na Coláistí Oiliúna agus droch-chaighdeán Gaeilge na múinteoirí ach nach “raibh le clos [ag Misneach] ach bodhaire Uí Laoire] ón Roinn Rialtais.
Deir Misneach gur “ceap magaidh” atá ann nach mbeadh múinteoir in ann an Ghaeilge a labhairt nó sásta í a labhairt tar éis “oiriúint ghairmiúil a mhair ceithre bliana ar an iomlán” a bheith faighte acu.
Tá sraith ceisteanna faoi na bealaí a gcinntítear caighdeán Gaeilge na múinteoirí, faoin gcaidreamh atá ag an gComhairle Múinteoireachta leis na Coláistí Oiliúna, agus faoin tuairim atá ag an gComhairle faoin méid a dúirt Príomhchigire na Roinne Oideachais faoi laigí i múineadh na Gaeilge i gcóras oideachais an stáit.