Tá liosta de na focail is mó a litrítear go mícheart sa Ghaeilge curtha le chéile ag an ríomheolaí aitheanta Kevin Scannell. Bhailigh Kevin eolas ó na 500 úsáideoir is mó a chuireann teachtaireachtaí Gaeilge amach ar Twitter agus d’aimsigh na focail is mó a litrítear go mícheart ar an ardán sin.
Níor chuir Kevin “fadhbanna le síntí fada” san áireamh ná focail a litríodh i gceart ach a úsáideadh sa chomhthéacs mícheart. Is é an focal ‘oíche’ an focal is mó a litrítear go mícheart má chuirtear easpa síntí fada san áireamh (oíche) agus is iad na focail ‘barúil’ (tuairim) agus barrúil (greannmhar) is mó a mhalartaítear.
Is é ‘comhghairdeas’ an focal is mó a litrítear go mícheart ar Twitter agus claonadh sa phobal an séimhiú a fhágáil ar lár i ndiaidh an ‘g’ – comhgairdeas. Tháinig an focal céanna aníos trí huaire ar an liosta – comhghardeas san ochtú háit agus comhgairdeachas sa deichiú háit.
Ba iad ‘teanga’ (teagna), ‘suimiúil’ (suimiúl agus suimúil), ‘pictiúr’ (pictiúr), ‘deireanach’ (deirneach), ‘bhfuil’ (bfhuil)’ agus ‘leathanach’ (leathnach) na focail eile ar an liosta.
Is féidir liom ceist beagáinín dhifriúil a fhreagairt! Seo na mílitrithe is coitianta i measc na 500 úsáideoir is gníomhaí ar Twitter: 1. comhgairdeas 2. teagna 3. suimiúl 4. suimúil 5. pictúir 6. deirneach 7. bfhuil 8. comhghardeas 9. comhgairdeachas 10. leathnach
— Caoimhín Ó Scanaill (@kscanne) January 6, 2021
Thug Kevin faoin taighde seo mar fhreagra ar cheist a chuir an t-aistritheoirí Eoin P Ó Murchú ar a chuid leantóirí faoi na “focail Ghaeilge is mó a mbíonn deacracht ag daoine atá líofa teanga iad a litriú”.
Coinníonn Kevin, atá lonnaithe in Ollscoil Missouri i Meiriceá, cuntas ar úsáid na Gaeilge ar líne agus is minic tograí beaga mar seo aige.