Tá beagnach trí bliana caite ó d’fhoilsigh na scoláirí aitheanta sochtheangeolaíochta, Conchúir Ó Giollagáin agus Brian Ó Curnáin, Beartas Úr na nGael: Dálaí na Gaeilge san Iar-Nua-Aoiseachas. Chun an teanga sa Ghaeltacht a shlánú, moladh tearmainn teanga agus cistí pobail a bhunú, mar aon le moladh go dtiocfadh “Dáil” agus “Acadamh na nGael” ar an bhfód.
Plean breá agus plean uaillmhianach é a leithéid a chur ar bun. Tá a fhios againn uilig, seachas an rialtas agus iad siúd a bhfuil a gcloigeann sáite go fóill sa ghaineamh acu, go bhfuil géarghá le beartas éigin radacach chun an Ghaeltacht a shábháil.
Faraor, níor éirigh le beartas Uí Ghiollagáin agus Uí Churnáin sciar de mhuintir na hÉireann, nó muintir na Gaeltachta fiú, a mhúscailt.
Cén fáth nár éirigh leis an mbeartas Gaeltachta? B’shin a smaoiníos le deireanas agus mé ag breathnú ar an bplé anseo i Meiriceá ar an bhfeisire daonlathach-sóisialach Alexandria Ocasia-Cortez, nó “AOC” mar a thugtar uirthi, agus an Beartas Úr Glas aici.
Tá sé mar aidhm ag an mbeartas infheistíocht shuntasach a dhéanamh in infreastruchtúr fuinnimh inbhuanaithe SAM ionas “postanna glasa” a chruthú agus caighdeán saoil an ghnáthdhuine a fheabhsú trí chéile.
Cur chuige Ocasia-Cortez, agus a comhúdar, an Seanadóir Markey, ná gur gá cúpla ní a aithint go práinneach. Is iad sin go bhfuil géarchéim timpeallachta ag titim amach faoi láthair ar fud an domhain, agus nach n-athróidh cúrsaí ar an gceist sin sciobtha go leor mura féidir é a nascadh le cinnteacht, in aon phlean a chuirtear i bhfeidhm, go mbeidh borradh eacnamaíochta ann chun maitheasa an ghnáthdhuine.
Anois, mar a bheimis ag súil, tá cáineadh géar déanta ag lucht na hEite Deise sna Stáit ar an mBeartas Úr Glas. Tugtar “sóisialachas”, “gadaíocht”, agus “Stailíneachas” air. Cuid thábhachtach den bheartas ná go gcuirfear i gcrích é, go pointe áirithe, tríd an phleanáil lárnach.
Ar an láimh eile, táthar ann atá ar an Eite Chlé atá tar éis é a cháineadh chomh maith. Tá an iomarca ag brath, a deir siad, ar thoil na gcorparáidí móra infheistiú sna tionscail ghlasa. Sa chás go mbeidís sásta, bheadh impleachtaí cumhachta agus úinéireachta i gceist, dar leo.
Ní thiocfadh duine ar bith slán ó cháineadh agus plean uaillmhianach mar seo á chur faoi bhráid an phobail acu; ach go háirithe in “aontacht” atá chomh scoilte is atá Meiriceá.
Níl sa Bheartas Úr Glas ag an staid seo ach rún a cuireadh os comhair na Comhdhála agus a ndearnadh poiblíocht fhorleathan air – tá os cionn trí mhilliúin leantóir Twitter ag AOC agus tá an beartas á phlé gach lá, nach mór, sna meáin thraidisiúnta.
Fiú mura gcuirtear i gcrích an Beartas, tá réimse an dioscúrsa athraithe. Tá neart cainte i SAM anois faoin bhfuinneog Overton, áit a mbogtar an dioscúrsa ó bheith ag plé ábhair i mbealach cúng (agus cúngaigeanta) nó go dtagann bláth ar dhíospóireacht i bhfad níos leithne ar an ábhar céanna.
Is cinnte gur spreag Beartas Úr na nGael dioscúrsa i measc roinnt den phobal Gaelach – scoláirí agus gníomhairí go príomha. Ar an drochuair, áfach, tá na Gaeil rólag mar phobal le comhrá náisiúnta a spreagadh ar cheist na Gaeltachta amháin. Is eisceacht iad na Sé Chontae agus ceist an Achta, dar ndóigh, de bharr na dinimice polaitiúla éagsúla sa stáitín sin.
Caithfear iarracht a dhéanamh beartas i bhfad níos cuimsithí a leagan amach don Ghaeltacht agus don tuath i gcoitinne. Ní haon locht é seo ar údair Beartas Úr na nGael, óir is plean den scoth ann féin é. Ach, chun dioscúrsa náisiúnta a spreagadh ar an gceist, chaithfeadh an beartas sin bheith mar ghné amháin de bheartas tuaithe níos leithne.
Mar is eol dúinn, tá muintir na tuaithe – bíodh siad sa Ghaeltacht nó lasmuigh di – sa bhád céanna. Níl i ndán don óige ach an dole, an bád bán, nó drochphostanna agus drochchoinníollacha oibre agus drochphá ag dul leo.
Tá pobail á bhfágáil ina smionagar de bharr easpa seirbhísí leathanbhanda, taistil agus poist, chomh maith le ganntanas deiseanna sóisialta. Caithfear infreastruchtúr a thógáil sna ceantracha seo – bonneagar a chruthaíonn deiseanna, ach nach gcuireann an timpeallacht as riocht.
An rud a thugtar faoi ndeara go soiléir faoi bheartas Ocasia-Cortez ná go bhfuil sí ag dul sa tóir ar thacaíocht réimse leathan den phobal. Ní hamháin ó bhundúchasaigh Mheiriceá, na ciníocha daite, imircigh, daoine atá faoi mhíchumas agus mionlaigh eile, ach pobail díthionsclaithe, pobail na tuaithe bánaithe, daoine bochta, daoine gan dídean, daoine ar phá íseal agus dreamanna eile nach iad.
Má tá an Ghaeltacht agus an Ghaeilge le teacht slán, caithfear comhghuaillíocht a thógáil leis na pobail eile sa tsochaí atá thíos leis de bharr an éagothromais a chothaíonn lucht an rachmais. Ní leor dúinn bheith ag smaoineamh ar “An Ghaeilge” mar an t-aon chloch ar ár bpaidrín againn a thuilleadh. Tá an ré sin thart, má bhí feidhm aige riamh.
Is cinnte nach mbeadh sé éasca, ach d’fhéadfaimis tús a chur leis an tógáil chomhluadair a bhfuil géarghá leis trí ghaol a chothú leis na pobail eile tuaithe lasmuigh den Ghaeltacht. Cá bhfios? Seans go mbeidh ár mBeartas Úr Glas féin againn sula i bhfad?
Ní hamháin go bhfuil an Ghaeltacht, nó pobal tuaithe na hÉireann, ag brath orainn beartas dá leithéid a chumadh agus a chur i gcrích, ach tá an cine daonna ag brath air an babhta seo chomh maith.