‘Na mílte’ daoine ag agóid ar son an oideachais i mBascais

Bhí “na mílte daoine óga” ar shráideanna Thír na mBascach inniu le cur i gcoinne “an ionsaí atá á dhéanamh ar na Bascaigh” agus chun “oideachas na mBascach a chosaint”.

“Hezkuntza euskaraz izango da” (‘beidh oideachas ar fáil i mBascais!) a sluaghairm a bhí ag lucht na n-agóidí i gcathracha ar fud dheisceart Thír na mBascach agus iad ag éileamh go bhfostófaí múinteoirí Bascaise agus múinfí ábhair eile i mBascais sa tír.

Léiríonn taighde sochtheangeolaíochta a rinneadh ar an mBascais le blianta beaga anuas go bhfuil líon na ndaoine a deir go bhfuil an Bhascais ar a dtoil acu ag dul i méid ach go bhfuil líon na ndaoine a úsáideann an teanga ó lá go lá ag dul i laghad.

Tá beartais tugtha isteach i ndeisceart Thír na mBascach le cúpla mí anuas a fhágann nach féidir le daltaí scoile agus mic léinn a gcuid oideachais uilig a fháil i mBascais. Maíonn lucht na hagóide go bhfuil an caighdeán teanga atá ag roinnt múinteoirí rólag agus nach bhfuil ábhar foghlama ar fáil i mBascais do dhaltaí agus mic léinn. Tá siad ag éileamh “a gceart chun oideachas a fháil i mBascais”.

Dúirt lucht na hagóide inniu go bhfuil siad ag iarraidh ar gach duine ar cás leo an teanga brú a chur ar a son ar na hinstitiúidí agus ar na húdaráis le “fíor-pholasaithe éifeachtacha teanga” a chur i bhfeidhm.

SCÉALTA EILE