Na Rubberbandits & an Ghaeilge

Tá na Rubberbandits tar éis forbairt ón ngreann a bhí acu i dtús aimsire agus is minic anois léamh géar cliste acu ar go leor ceisteanna polaitiúla agus sóisialta reatha.

Is minic dá bhrí sin a thugtar cluas le héisteacht dóibh.

Ar an drochuair níl an cúram céanna á ghlacadh acu leis an nGaeilge.

Bhí an-díomá orm nuair a chonaic mé an pic seo thíos á scaipeadh acu ar Facebook agus ar Twitter le déanaí.

Is éard atá ann ná scata nathanna “a thagann ón nGaeilge”.

Níl aon bhunús leis an maíomh seo, áfach.

Go deimhin tagann na mínithe bréagacha seo ar fad as leabhar uafásach darb ainm How the Irish Invented Slang.

Níl sa leabhar seo ach cumadóireacht ar an gcaoi is simplí.

Go bunúsach rinne an t-údar iarracht aon bhéarlagair (nó slang) Meirceánach a mhíniú le focail a d’aimsigh sé i bhfoclóir Gaeilge.

Ní raibh Gaeilge líofa ná fuaimeanna na teanga i gceart aige mar sin is meascán mearaí ceart an leabhar agus tá cumadóireacht gan náire ann.

léirmheas fíorcháinteach scríofa agam ar an leabhar cheana.

Is é an peaca é go bhfuil ‘croí’ nó ‘Is maith liom é’ tugtha ag nach mór 6,000 duine do na bréaga bradacha seo agus an scéal feicthe agus scaipthe ag go leor eile.

Is fíor gur eisigh na Bandits amhrán Gaeilge ardchaighdeáin cheana agus is gnách leo a bheith an-smaointeach faoin méid a roinneann siad.

Cé gur cuireadh ar a súile dóibh gur bhréagshanasaíocht a bhí i gceist ní raibh rófhonn orthu an pic a bhaint.

Bheartaigh mé gurb é an t-aon bhealach ceart le cur ina choinne seo ná pic beag mealltach a scaipeadh sa tslí chéanna, ach an babhta seo is focail a thagann ón nGaeilge dáiríre atá i gceist, agus tá foinsí leo chomh maith.

Mar sin iarraim ar léitheoirí NÓS an pic beag seo thuas a scaipeadh chomh forleathan céanna.

Bímis bródúil as na focail a thug muid don saol mór!

Níl aon ghá dul i mbun cumadóireachta nach gcloíonn le gnás na Gaeilge.

Níl anseo ach roinnt focal ach tá fianaise iontaofa againn ina dtaobh.

Agus maidir le bunús fhocail na Ropairí Rubair?

Féach an blag cuimsitheach seo cassidyslangscam a mhíníonn iad agus a bhaineann an leabhar mínáireach úd óna chéile ar fad.

SCÉALTA EILE