Naisc á gcothú ag CnaG Aotearoa idir Gaeilgeoirí agus pobal Māori na Nua-Shéalainne

Tá tús curtha le craobh nua de Chonradh na Gaeilge in Aotearoa (an Nua-Shéalainn) le gairid, an chraobh is faide ó Éirinn go dtí go mbunófar ceann ar an ngealach. Níl stair na Gaeilge chomh feiceálach anseo in Aotearoa agus atá ar an Mór-Roinn, i Meiriceá nó san Astráil fiú, ach tá sí ann mar sin féin. 

Tháinig na mílte Éireannach anseo sa 19ú hAois, cuid acu roimh bhunú an Stáit choilínigh leis an gConradh Waitangi in 1840, agus arís ag tóraíocht óir sna 1860í in Otago agus ar an gCósta Thiar. Bhí craobhacha de Chonradh na Gaeilge ann ag tús an 20ú hAois in Balclutha agus Milton san Oileán Theas agus tá gaol ag méara reatha Whanganui, cathair bheag álainn ar an Oileán Thuaidh, leis an gCraoibhín Aoibhinn féin!

Is minic a deirtear go bhfuil an traidisiún Éireannach sin faoi cheilt sa tír, é brúite síos le fada ag cultúr an impiriúlachais. Ach má tá Éireannaigh in áit éigin, nó daoine a bhfuil spéis acu in Éirinn fiú, bí cinnte go bhfuil daoine ann a bhfuil spéis sa Ghaeilge acu ina measc. Léirigh taighde de chuid an Ollaimh Sonja Tiernan i CISS (Centre for Irish and Scottish Studies san Ollscoil Otago) anuraidh go bhfuil 17,318 duine sa tír a roghnaíonn ‘Éireannach’ mar rangú eitneach orthu féin, ach go bhfuil i bhfad níos mó a bhfuil cúlra nó oidhreacht Éireannach acu mar chuid dá bhféiniúlacht. Agus tá rud eile ar leith sa tír seo: teanga bhundúchasach na tíre, Te Reo Māori, teanga atá faoi bhrú le fada ag an gcoilíneachas, díshealbhú agus tréigean na tuaithe. Teanga atá fós beo agus ag teacht chun cinn agus ag aiséirí arís…

Tá sé ar intinn againne freastal ar trí chineál pobail anseo. Ar dtús, Éireannaigh: iad atá sa tír le fada an lá agus iad nach mbeidh anseo ach ar feadh tréimhse shealadach. Tagann agus imíonn daoine, ach má tá an deis acu an teanga a úsáid anseo agus bladhaire na Gaeilge a choimeád lasta, beidh sé níos fearr dóibh siúd a fhilleann ar ais ar Éirinn, gan trácht ar an sult a bhainimid go léir as an teanga a labhairt. 

Tá spéis ag muintir Aotearoa i gcúrsaí na hÉireann i gcónaí agus sin an dara pobal — iad siúd anseo atá ag iarraidh an teanga a fhoghlaim agus b’fhéidir an nasc sin lena n-oidhreacht a threisiú. Agus an tríú pobal? Sin é an pobal Māori. Aithnímid an tábhacht atá ag baint le Te Reo Māori, agus na cosúlachtaí agus difríochtaí idir an Reo agus an Ghaeilge. Caithfimid foghlaim óna chéile, agus mura bhfuilimid in ann ach rud amháin a bhaint amach leis an gcraobh nua seo, bheimis sásta gurbh é sin an méid tacaíochta agus is féidir linn a thabhairt do shlánú na teanga ársa Māori. Is ionann tacaíocht a thabhairt do mhionteanga amháin, agus do mhionteangacha ar fud an domhain.

Maidir liom féin, táim ar an taobh seo den domhan le beagnach fiche bliain anois. Cosúil le go leor daoine eile, tháinig mé anseo ar feadh bliana, ach tá an “fiche bliain faoi bhláth” atá geallta dúinn go léir caite agam i mbun oibre agus thógáil clainne. Níor thug mé aon aird ar an nGaeilge ó chríochnaigh mé Páipéar 2 den Ardteist i 1995 agus ní dóigh liom gur labhair mé focal amháin ó d’fhág mé an scoil go dtí 2017. Bhí rian den teanga fós i mo cheann áfach nuair a chuaigh mé ar ais chuici in Melbourne na hAstráile agus dhá bhliain á gcaitheamh againn thall.

N’fheadar cén fáth a ndearna mé é — bhí mé sa bhaile leis na leanaí agus bhí am agam ar ndóigh, ach d’athraigh mé an raidió ó RTÉ1 go RnaG lá breá amháin agus táim fós ann! Agus caithfidh mé é seo a rá – ní bhfuair mé ach dea-ghuíonna, spreagadh agus tacaíocht ó phobal na Gaeilge ón am sin i leith, ar líne agus san fhíorshaol, ó ghnáthdhaoine agus ó chuid de na daoine is mó le rá sa Ghaeltacht agus i saol na teanga. Táim, agus beidh i gcónaí, fíor-bhuíoch as an gcabhair a fuair mé agus a fhaighim, agus bheadh sé mar phribhléid agam píosa den tacaíocht sin a thabhairt ar aghaidh anseo.

Táimid beo anois ag http://www.cnag.org.nz, agus ar Twitter (@CNaGAotearoa). Gan dabht, tá gaolta ag roinnt mhaith daoine in Éirinn anseo – cuir ar an eolas iad mar gheall ar an gcraobh. Agus bí i dteagmháil linn má tá aon scéal agat, eolas uait, nó fonn cainte ort (cnag@aotearoa.ie). Ba bhreá liom chomh maith buíochas a ghabháil le hAmbasáid na hÉireann, lenár n-ambasadóir iontach, Peadar Ó Riain, agus an fhoireann go léir in Wellington; le Ardoifig an Chonartha i mBaile Átha Cliath agus Ciarán Wadd go háirithe as an gcabhair a thug siad dúinn; le foireann dhíograiseach na craoibhe anseo agus leis na daoine go léir a thagann chuig chruinnithe, a fhreastalaínn ar ranganna ar Zoom agus a dhéanann a seacht ndícheall an teanga a labhairt agus a úsáid. Agus sibhse in Éirinn a thug cabhair liom féin- beidh fáilte romhaibh go léir in Aotearoa am ar bith má tá fonn taistil oraibh! Kia kaha!