Tá diúltaithe ag uachtarán na Fraince Emmanuel Macron aitheantas oifigiúil a thabhairt don Chorsaicis agus é ar cuairt oifigiúil chuig an oileán Meánmhara den chéad uair an tseachtain seo. Tá an t-oileán scoite amach ón gcuid eile den Fhrainc agus tá an t-éileamh ar an neamhspleáchas, nó ar a laghad ar an rialtas baile, ag dul i méid le blianta beaga anuas.
Mar a bhíonn i gcás go leor réigiúin agus tíortha eile a bhíonn ag éileamh tuilleadh smachta ar a gcinniúint féin, tá ceist na teanga sa gCorsaic nasctha go dlúth leis an bhfeachtas ar son an neamhspleáchais.
Dúirt Macron sa gCorsaic an tseachtain seo gur theastaigh uaidh “caibidil nua” i stair na Fraince a oscailt agus go mbeadh an deis ag gach duine “seilbh a ghlacadh ar a fhéiniúlacht”. Dúirt sé freisin, áfach, más “namhaid na Poblachta” atá sa bhféiniúlacht chéanna nach bhféadfadh sé glacadh leis.
Bhí leasc riamh ar údaráis na Fraince scaoileadh le coincheap an ‘Náisiúin Aontaithe’, náisiún nach bhfuil ann ach stát, féiniúlacht agus teanga amháin — na ceanna a bhaineann le ‘Poblacht na Fraince’. Ainneoin iarrachtaí lucht rialtais Paris, tá teangacha agus féiniúlachtaí éagsúla ar fud na Fraince fós, sa mBriotáin, i dTír na mBascach agus i gCatalóin na Fraince go mór.
Cé go bhfuil gaol láidir ann idir na teangacha Rómánsacha (an Iodáilis, an Fhraincis, an Spáinnis, an Phortaingéilis agus eile) is gairide an gaol atá ag an gCorsaicis leis an Iodáilis ná an gaol atá aici leis an bhFraincis. Táthar ag éileamh le tamall go gcuirfí an Chorsaicis ar comhchéim leis an bhFraincis ar an oileán. Thug iar-Phríomh-Aire na Fraince, Manuel Valls, le fios do thionól na Corsaice in 2016 go bhfuil “aon teanga oifigiúil amháin ag an bhFrainc — an Fhraincis”.
Mar sin féin, déanann páiste as gach triúr ar an oileán staidéar ar an teanga agus tá an teanga ag teacht chun cinn arís ann, de réir a chéile. Tá cosúlachtaí go leor idir cás na Gaeilge in Éirinn agus cás na Corsaicise sa gCorsaic, agus samplaí den chos ar bolg le fáil go fairsing i stair na teanga.
Tuairim is leathchéad bliain ó shin, ní raibh cead ag páistí an oileáin an Chorsaicis a labhairt ar scoil agus ní mhúintí an teanga áit ar bith.
Dhá bhliain ó shin, bhain ceannaire nua an tionóil geit as údaráis na Fraince in Paris nuair a thug sé a chéad óráid go huile agus go hiomlán sa gCorsaicis.
“Ní cuid de thír eile é an t-oileán, ach is náisiún é, a bhfuil a theanga, a chultúr, agus a oidhreacht pholaitiúil féin aige,” a dúirt sé agus é seasta idir dhá bhratach Chorsacacha.