Cuireann na Francaigh an-bhéim ar an deachtú sa chóras oideachais atá acu, mar a mbíonn ar dhaltaí éisteacht le sliocht á léamh amach os ard agus é a bhreacadh síos chomh cruinn agus is féidir leo.
Nuair a tugadh deachtú simplí do dhaltaí scoile na Fraince sa bhliain 1987, rinne siad 10.6 botún, ar an meán. Nuair a tugadh an deachtú céanna do ghrúpa eile daltaí fiche bliain níos déanaí, rinne siad 17.8 botún, ar an meán. Níl rudaí feabhsaithe ó shin i leith. Tá an Fhrainc i measc na dtíortha atá buartha faoi chaighdeáin litearthachta a bheith ag titim, dá bhrí sin.
Míniú amháin a thugtar air seo ná go bhfuil an bhearna san oideachas ag méadú idir an saibhir agus an daibhir, agus páistí bochta tar éis dul go mór ar gcúl go hacadúil.
Ach má scrúdaítear an cheist go mion, is léir go bhfuil an meath beagnach chomh dona céanna i measc daltaí atá go maith as — is cosúil go bhfuil caighdeáin litearthachta imithe i léig do chuile aicme shóisialta.
Cén réiteach atá ar an scéal? Réiteach amháin ná an fhadhb a shéanadh. Tar éis an tsaoil, i ré seo na teicneolaíochta, níl an lámhscríbhneoireacht chomh tábhachtach agus a bhí, agus bíonn seiceálaithe litrithe againn ar ríomhairí anois ar aon nós. Is cuma faoi bhotún anseo is ansiúd, a deirtear, chomh fada is atá an léitheoir in ann ciall a bhaint as an téacs.
Réiteach eile a mholtar go minic sa Fhrainc agus in áiteanna eile ná an ghramadach agus an litriú a shimpliú. Cén fáth nach ndéanfaí amhlaidh? Bíonn gnásanna teanga ag síorathrú ar aon chaoi, agus is í gnáthúsáid na teanga a rialaíonn céard atá cruinn nó míchruinn.
Ná déanaimis dia beag de ‘cheartúsáid na teanga’ i gcás na gramadaí agus an litrithe, a deirtear, mar níl ann ach cód sóisialta don dream atá i gceannas lena gcumhacht a chaomhnú.
I nuachtán Francach le déanaí, d’áitigh múinteoirí Fraincise de bhunadh na Beilge gur cheart rialacha na rangabhála caite a shimpliú sa teanga. Is fíor go bhfuil na rialacha seo casta go leor, agus go bhfuil eolas domhain ag teastáil ar an ngramadach fhoirmeálta má táthar le máistreacht a bhaint amach orthu.
Dá leasófaí an ghramadach, is dócha go laghdófaí go mór ar líon na mbotún atá á ndéanamh ag daltaí sa deachtú agus i scrúduithe eile. An rud a bhí mícheart go dtí seo, bheadh glacadh oifigiúil leis feasta, agus bheadh beagáinín níos lú oibre ag na múinteoirí bochta a bhíonn ag síorcheartú na mbotún.
Tá ciall áirithe leis an moladh seo, gan dabht, sa chaoi chéanna go bhfuil ciall leis an moladh go leasófaí an litriú chun go ndéanfaí ‘gaiment’ de ‘gaiement’ — is é sin go bhfaighfí réidh le litreacha áirithe nach bhfuil iontu ach iarsmaí stairiúla faoin am seo agus nach bhfuaimnítear a thuilleadh. Tá daoine ann atá ag iarraidh fáil réidh leis an gcuairín (‘île’), fiú.
Tá imní ar thraidisiúnaithe na Fraince, áfach, gurb é an toradh a bheidh ar na simpliúcháin litrithe agus ghramadaí sin ná creimeadh ar anam na teanga agus ar anam an náisiúin araon, mar a déarfá.
Ní bheidh fágtha den teanga ach patois gránna, meascán de chaint na sráide, de bhéarlagair leamh na bainistíochta agus den Bhéarlachas. Na glúine atá le teacht beidh siad dall ar fhréamhacha stairiúla na teanga, a deir siad, agus labhróidh siad ar nós róbat. Is dócha go bhfuil áibhéil áirithe i gceist leis an réamhaisnéis dhuairc seo.
Dar liom go bhfuil cúis níos tábhachtaí ann ar cheart cur i gcoinne na leasuithe teanga seo. Más fíor go bhfuil rátaí litearthachta ag dul ar gcúl sa Fhrainc, agus i dtíortha Eorpacha eile, ní mór é sin a aithint seachas iarracht a dhéanamh é a chur faoi cheilt.
Tá sé mar dhualgas ar oideachasóirí na fáthanna atá laistiar den fhadhb seo a fhiosrú agus iad a chur ina gceart más féidir: an iad modhanna teagaisc nó ró-úsáid na meán sóisialta i measc páistí is cúis leis, nó meascán den dá rud?
Dá gcuirfí i bhfeidhm na leasuithe litrithe agus gramadaí atá á moladh sa Fhrainc, áfach, bheadh an titim i rátaí litearthachta á cur faoi cheilt agus d’fhéadfadh an maorlathas oideachais a mhaíomh nach bhfuil aon fhadhb ann. Is lú seans go ndéanfaí gníomh fiúntach chun an scéal a leigheas dá bharr.