Déanta na fírinne, ní mhaífinn go bhfuil bua na dteangacha agam. Táthar ann a fhoghlaimíonn teanga gan aon dua, agus cé gur aoibhinn liom teangacha, bíonn ormsa dua a chur orm féin iad a fhoghlaim i gceart.
Agus an Ghaeilge idir lámha agam, roghnaigh mé diabhailín ceart de theanga le líofacht a bhaint amach inti. Ar cheann de na rudaí a mheallann chuig an nGaeilge mé agus a choinníonn mo spéis inti ná an saibhreas mothúchán atá inti agus an bealach ar féidir cur síos a dhéanamh ar rudaí inti.
Nuair a bhí mé faoi oiliúint mar mhúinteoir ióga, dúradh linn gurbh fhéidir tú féin a chur in iúl tríd an tSanscrait fiú mura bhfuil an teanga agat. Anois, níl a fhios agam an fíor sin i gcás gach teanga, dáiríre, ach is cinnte gur mar sin atá sé domsa i nGaeilge.
Tar éis dúinn dul trí liosta iomlán mothúchán sa rang ar nós grá, fuath, fearg, uaigneas, áthas, brón agus dóchas, chaith muid an lá ag labhairt faoi fheidhm na mothúchán seo i dtéacs. Léirigh léamh na ndánta ar nós ‘Subh Milis’ le Séamus Ó Néill agus ‘Géibheann’ le Caitlín Maude an chaoi ar féidir mothúchán a léiriú sa teanga, gan ainm a thabhairt ar an mothúchán céanna.
I m’intinnse, tá níos mó i gceist le foghlaim teanga ná a bheith in ann í a labhairt. D’fhéadfá a bheith ar an gcainteoir is binne amuigh, ach mura bhfuil an mothúchán agat, cailltear cuid mhaith den teanga.
Is fearr teangacha ar leith do rudaí ar leith. Tá an Ghearmáinis go maith don chur síos. Tá an Béarla go maith ag cruthú focal nua agus tá stair shaibhir litríochta aige. Agus ón méid atá cloiste agam go dtí seo, tá an Ghaeilge an-fhileata ó thaobh na mothúchán de.
Bhí mé ag caint le dalta eile le linn an tsosa an lá cheana agus d’fhiafraigh mé di cén fáth ar thosaigh sí ag foghlaim na Gaeilge. Tá oidhreacht Ghaelach ag go leor de na heachtrannaigh eile a tháinig anseo agus, mo dhála féin, thosaigh siad ag foghlaim le ceangal nua a fhorbairt le stair a muintire.
Dúirt an dalta seo, áfach, gur fhoghlaim sí an Ghaeilge toisc gur léigh sí aistriúchán ar nath Gaeilge agus thaitin a fhileata agus a bhí sé léi. Dúirt sí gur lean sí léi leis an nGaeilge i gcaitheamh na mblianta mar “níl a sárú ann ó thaobh na nathanna cainte de”. Is breá léi na nathanna agus focail bheaga nach bhfuil againne i mBéarla, agus caithfidh mé a rá gur sin cuid de na rudaí is fearr faoi theanga ar bith a fhoghlaim.
Scaití, is iad na rudaí beaga a chuireann craiceann ar an saol, agus ní féidir nath maith cainte a bhualadh.
Tá Éirinn Ní Dhuibhfhionn ag foghlaim na Gaeilge le Conradh na Gaeilge Hamburg agus i mbun cúrsa Gaeltachta faoi láthair. Is aistriúchán atá san alt thuas.