“Thug mé an ruaig úd ó mhullach na cruaiche”
Sin é an chéad líne san amhrán ‘An Casaideach Bán’. Ceapfaidh tú go bhfuil sé anois cineál seafóideach nuair a chloisfidh tú é ach nuair a bhí mé ag foghlaim an amhráin an chéad uair riamh chuir an focal sin “cruach” amú mé.
Bhí mé chúig bliana déag d’aois nuair a thosaigh mé ag cur suim sa sean-nós. Níl a fhios agam an raibh mé díreach théis bliain an teastais shóisearaigh a thosaí nó an raibh na scrúduithe sin díreach críochnaithe agam ach i mBliain a Cúig Déag de ré Dhomhnaill d’fhoghlaim mé an t-amhrán Peigín Mistéal le cur isteach ar an Oireachtas mar go raibh riail ag Mama ag an am nach raibh cead ag againn a ghabháil chuig an Oireachtas mura mbeadh muid ag cur isteach ar chomórtas.
Mar sin théis an Oireachtais sin bhí sé de rún agam chuile amhrán a bhí curtha ag deaideo, beannacht Dé leis, ar an dlúthdhiosca a thaifead sé a fhoghlaim. Mar chineál dúshlán dom féin roghnaigh mé an ceann ab fhaide ar an CD le bheith ar cheann de na chéad cheanna a d’fhoghlaimeoinn. Cheithre nóiméad déag agus caoga ceathair soicind ar fhad a bhí ‘An Casaideach Bán’, mar sin bhí an t-amhrán pioctha.
Is é an fáth ar luaigh mé an Teastas Shóisearach níos túisce ná go raibh miotalóireacht ar cheann de na hábhair a bhí agam sa scoil agus mar gheall go raibh muid á déanamh sin trí Ghaeilge bhí go leor cainte ar chruach, nó “steel” i mBéarla.
Agus an fhad agus a bhí mé ag foghlaim an amhráin sin, agus ní thuigim fós cén fáth ar tharla sé, tháinig an tagairt don rang miotalóireachta salach ar thagairt ar bith de chruacha ar nós Cruach Phádraig ná fiú cruach móna. Ní dhéanann sé ciall ar bith mar an líne a thagann díreach i ndiaidh “Thug mé an ruaig úd ó mhullach na cruaiche” ná “agus thart anuas chun an tsléibhe bháin”. Tagairt do shliabh. Céard a bhí orm ar chor ar bith? Is cuimhneach liom a bheith ag smaoineamh ag an am: “meastú an bhfuil baint éicint aige sin le steel”. Pleidhce! Bhí sloeis gann sa mbuilín orm an uair sin. Ní raibh mo chuid maidí uilig san uisce.
Ach is é an fáth a raibh mé ag smaoineamh air seo ar an gcéad dul síos ná go raibh mé ag léamh tríd an bhfoclóir atá ar chúl an leabhair Gaeilge Chois Fharraige: An Deilbhíocht le Tomás De Bhaldraithe (Caitheann chuile fhear 22 bliain d’aois oícheanta Aoine ag léamh foclóirí, nach gcaitheann?) agus is éard a bhí acu do chruach móna ná an focal “cruach” agus don mhiotal bhí “cruadhach” a thagann ón aidiacht “cruaidh”, nó mar a scríobhfadh muide anois: “crua”.
Feictheas dom féin go luíonn sé le ciall litriú difriúil a thabhairt do dhá fhocal nach bhfuil gaol ar bith acu lena chéile. Níl a fhios agam cén fáth a raibh gá leis an seanlitriú a shimpliú. Déarfainn go bhfuil sé ráite agam cheana ach sa leabhar céanna tá an focal “dearbh-bhráthair” nó “true brother” agus “deirbh-shiúr”, “true sister”, ach scríobhann muide “deartháir” agus “deirfiúr” anois agus tá brí na bhfocal caillte againn.
Ceann eile a chuireann as dom, an fhad agus atá mo lámh ann mar a déarfadh Mama, ná “gafa” agus “scríofa” seachas “gabhtha” agus “scríobhtha”. Tá ciall le “scríobhtha” mar go dtosaíonn sé leis an mbun-bhriathar “scríobh” agus go gcuirtear san aimsir chaite é le “-tha” mar a dhéantar le briathra nach gcríochnaíonn le “bh” ar nós “pioctha”.
B’fhéidir go raibh mise cineál amaideach ag chúig bliana déag d’aois (níorbh fhéidir é!) ach cinnte níor chabhraigh litriú na bhfocal le mo chás. Tá a fhios agam go maith nach dtiocfaidh an seanlitriú ar ais ach cheapfainn gur fiú corrfhocal a rá ar a shon anois agus arís.