Níl a leithéid de rud agus ‘Gaeilgeoir’ ann

“Níl a leithéid de rud ann agus Gaeilgeoirí, tá daoine ann a bhfuil Gaeilge acu ach ní haon treibh amháin iad.”

Sin an tátal a bhain Cilian Fennell, duine de cheathrar a bhí ar phainéal ‘Banter’ an tseachtain seo, as imeachtaí na hoíche.

“Deas”, “oscailte” agus “ionraic” a bhí an ócáid a reáchtáil RTÉ in ‘The Liquor Rooms’ ar Ché Wellington i mBaile Átha Cliath oíche Dé Céadaoin agus ‘Comhrá Ciotach’ ar siúl ag cainteoirí Gaeilge na hardchathrach faoi na ceisteanna “nach maith le go leor againn a phlé go hoscailte lena chéile”.

I gcomhpháirt leis an eagraíocht ‘Banter’ a reáchtáladh ‘Is Binn Béal ina Thost: Comhráite Ciotacha’ agus é faoi stiúir ag Comhordaitheoir Digiteach Gaeilge RTÉ Siún Ní Dhuinn.

Ceathrar a bhí ar an bpainéal cainte: Sinéad Ní Uallacháin, craoltóir de chuid RTÉ RnaG; Osgur Ó Ciardha, comhbhunaitheoir an Pop Up Gaeltacht; Hannah Rua Ní Bhaoill, comhstiúrthóir Fhéile na Gealaí; agus Cilian Fennell, ó Stillwater Communications.

Plé oscailte, ionraic a bhí ann idir an painéal agus an lucht féachana ach plé príobháideach freisin a bhí ann. Dúirt Sinéad le NÓS gur theastaigh ó lucht a eagraithe “spás sábháilte” a chruthú do chainteoirí Gaeilge le “ceisteanna tábhachtacha” a chíoradh ach go príobháideach, gan imní a bheith ar na cainteoirí ná an lucht féachana go gcraobhscaoilfí a dtuairimí ar cheisteanna casta.

Dúirt Hannah Rua, arb as Rann na Feirste i nGaeltacht Thír Chonaill ó dhúchas í ach atá anois ag cur fúithi i Ráth Chairn i nGaeltacht na Mí, gur dheas léi labhairt le daoine i dtimpeallacht mar a bhí ann Dé Céadaoin mar “nár cailleadh an daonnacht a chailltear nuair a bhíonn tú ag caint le daoine ar líne”. Dúirt sí go bhfaightear tuiscint níos fearr ar scéal a chéile nuair a chastar daoine ó chúlraí éagsúla ar a chéile ná mar a fhaightear ó chomhráite gairide ar na meáin shóisialta.

“Nuair a chluineann tú scéal achan nduine, téann sé i bhfeidhm ort níos mó ná mar a théann de ghnáth. Athraíonn mo mheon-sa achan bhliain, agus tá mé ag éirí níos oscailte de réir a chéile agus níl mé chomh dúnta isteach is a bhíodh.

“Tugadh cluas éisteachta do achan nduine, agus dúradh cúpla rud a chuir iontas orm mar nach raibh an taithí chéanna agamsa. Bhí caint ann faoi fhéiniúlacht a chuaigh i bhfeidhm orm agus tá mé cinnte go ndeachaigh sé i bhfeidhm ar na daoine eile a bhí i láthair, tá mé ag smaointiú ar an ócáid ó shin,” a dúirt sí.

Dúirt Osgur, a tógadh le Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus atá anois ag tógáil a chlainne féin le Gaeilge sa gcathair, gur thaitin sé leis gur “éirigh daoine teasaí” le linn na díospóireachta mar gur léiriú a bhí ann gur “chaint ionraic” a bhí ag na daoine, ach go raibh na cainteoirí agus an lucht féachana “deisbhéalach” mar sin féin.

“Bhí éiginnteacht ar gach duine faoina raibh i ndán dúinn, ní raibh a fhios ag duine ar bith céard a tharlódh. Bíonn faitíos urlabhraíochta ormsa, ní theastaíonn uaim a bheith i m’urlabhraí ar dhuine ar bith ach ansin thosaigh mé ag úsáid na bhfocal ‘sinn’ agus ‘siad’ agus go tobann tá tú i d’urlabhraí ar ghrúpa faoi leith.

“Bhí sé iontach tuairimí daoine a chloisteáil, bhí plé deas, suimiúil agus orgánach ann. Bítear ag súil le gníomhartha a bheith aontaithe ag deireadh ócáide mar é ach bhraitheas gur theastaigh uair an chloig eile ag an deireadh le ceathrar eile ar an stáitse. Níor pléadh rudaí ‘róchonspóideacha’ ach pléadh rudaí ar bhealach nach bpléitear go minic iad. Go minic tógann sé tamall orm próiseáil a dhéanamh ar rudaí, ach an rud is mó a chuaigh i bhfeidhm orm ón oíche sin gur thábhachtaí an próiseas machnaimh ná an t-ábhar,” a dúirt sé.

Dúirt Sinéad Ní Uallacháin go raibh cur amach aici ar ócáidí Banter cheana féin agus go raibh tuairim aici go mbeadh an comhrá “beagáinín beag míchompordach” ach gur éirigh go maith leis an bplé “i ndeireadh na dála”.

“Thar aon ní eile ba é bua an ruda gur chuir sé tús le plé, spreag sé na daoine a bhí i láthair plé níos faide agus níos leithne a dhéanamh. Lean an comhrá ar aghaidh in The Liquor Rooms i ndiaidh na hócáide agus chonaic mé comhráite ar na meáin shóisialta idir daoine a bhí i láthair agus an comhrá á leanúint ansin.

“Ba bhreá liom ‘cuid a dó’ a fheiscint agus tuilleadh cainteoirí a bheith ann. Ba léir ó chomhrá na Céadaoin nach raibh gach duine ar aon intinn faoi aon rud,” a dúirt sí.

Tháinig Cilian Fennell leis an tuairim sin agus dúirt gur léirigh an oíche Banter go bhfuil cainteoirí Gaeilge “chomh scoilte agus chomh haontaithe is a bhí riamh”.

“Tá gaol againn uilig leis an nGaeilge ach grá againn di ar ár mbealaí féin. Níl a leithéid de rud ann agus ‘Gaeilgeoirí’, tá daoine ann a bhfuil Gaeilge acu ach ní haon treibh amháin iad. Chuir an ócáid an-dóchas orm, agus léirigh sé dom go bhfuil dóchas mór sa nGaeilge uirbeach agus go bhfuil éabhlóid teanga chomh tábhachtach le fás teanga,” a dúirt sé.

SCÉALTA EILE