Níor sáraíodh Acht na dTeangacha ná Scéim Teanga na nGardaí nuair a dhiúltaigh Garda Gaeilge labhairt le rothaí i BÁC

Níor sáraíodh “aon fhoráil dhíreach” in Acht na dTeangacha Oifigiúla ná in Acht an Gharda Síochána nuair a dhiúltaigh baill den eagraíocht Gaeilge a labhairt ná Garda le Gaeilge a aimsiú in eachtra a tharla ar Shráid Chéipil i mBaile Átha Cliath níos luaithe i mbliana. 

Bhí Maitiú Ó Coimín, atá ina eagarthóir ar an iris seo, ag rothaíocht ar Shráid Chéipil i mí Mheán Fómhair nuair a stop beirt Ghardaí é. D’éiligh Maitiú a cheart Gaeilge a labhairt le gníomhairí an Stáit ach dhiúltaigh na Gardaí scun scan dá cheart agus gortaíodh é nuair a gabhadh a rothar. 

Mhaígh Maitiú go ndearnadh “dochar [dá] rothar agus [dá] cholainn] san eachtra agus go ndeachaigh cúrsaí “as smacht” toisc nach raibh an Garda sásta comhghleacaí a aimsiú a labhróidh leis i nGaeilge. 

Rinne Maitiú gearán le hOifig an Choimisinéara Teanga faoin méid a tharla, ach tugadh le fios dó nár sáraíodh na hAchtanna ina dtugtar cearta teanga don chainteoir Gaeilge in Éirinn nuair a dhiúltaigh an Garda labhairt leis i nGaeilge ná duine dá chomhghleacaithe a aimsiú a dhéanfadh amhlaidh. 

“Níl aon fhoráil dhíreach in Acht na dTeangacha Oifigiúla ná in Acht an Gharda Síochána a leagfadh dualgas reachtúil ar chomhalta den Gharda Síochána plé i nGaeilge le ball den phobal, cé go bhfuil dualgas ann go mbeadh Gardaí ar stáisiún sa Ghaeltacht inniúil sa Ghaeilge,” a dúirt ionadaí ó Oifig an Choimisinéara Teanga le Maitiú. 

Dúradh gur faoi scéim nó plean teanga de chuid an Gharda Síochána féin a leagfaí dualgas reachtúil den chineál sin ar an nGarda Síochána ach nach bhfacthas don Choimisinéir Teanga go raibh “aon fhoráil shonrach ann a leagfadh a leithéid de dhualgas ar an nGarda Síochána i gcás mar seo”.

Áirítear i scéim teanga an Gharda Síochána míreanna i dtaca le seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil do dhaoine a thugann cuairt ar stáisiún agus do dhaoine atá gafa ag na Gardaí. 

“Tá teidlíocht dlí ag daoine gafa ar a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. I gcás go ndéanann duine gearán i nGaeilge, cuirfear seirbhís Ghaeilge ar fáil. Éascófar finnéithe agus daoine eile a iarrann seirbhís Ghaeilge faoi réir fhorálacha Ailt 3.11 (2) agus (3) den scéim,” a deirtear i scéim teanga na nGardaí. 

De réir na bhforálacha sin, beidh seirbhís “chuimsitheach” Ghaeilge ar fáil i stáisiúin Ghaeltachta agus beidh “painéal de chainteoirí cumasach Gaeilge” i ngach Roinn den Gharda Síochána, agus beidh an painéal sin ar fáil “chun lánseirbhís Ghaeilge a sholáthar chomh luath agus a bheidh sé praiticiúil tar éis iarratas ar sheirbhís mar í a bheith faighte.”

Dúirt an Coimisinéir Teanga, áfach, “nach bhfuil aon tagairt ann do sheirbhís i nGaeilge a sholáthar i gccás go stoptar duine ar thaobh an bhóthair nó ag seicphointe” mar a tharla i gcás Mhaitiú Uí Choimín. 

“Ní fheictear dúinn, mar sin, faraor, go bhfuil go bhféadfadh sé go bhfuil aon sárú reachtúil sa gcás seo gur féidir linn a fhiosrú,” a dúradh i litir a sheol Oifig an Choimisinéara Teanga chuig Maitiú. 

“Tá an-díomá orm nach bhfuil an cumhacht ag an gCoimisinéir Teanga níos mó a dhéanamh faoin gcás seo, agus caithfidh mé a rá go bhfuil iontas orm nach bhfuil an ceart Gaeilge a labhairt le ball den Gharda Síochána luaithe in Acht na dTeangacha Oifigiúla, Acht an Gharda Síochána, ná i scéim teanga na nGardaí – shílfeá gur buncheart é sin do chainteoir Gaeilge.

“Léiríonn an cás seo gur gá na hAchtanna a láidriú agus cosaint níos fearr a thabhairt do chainteoirí Gaeilge atá ag iarraidh a bheith ag plé leis an stát i nGaeilge. Shílfeá gur in aimsir an RIC a tharla an t-eachtra seo,” a dúirt Maitiú. 

Thug sé le fios go bhfuil fiosrúcháin eile fós ar bun faoin gcás ag eagraíochtaí eile, Ombudsman an Gharda Síochána ina measc, ach nach féidir leis aon eolas a thabhairt faoi sin a fhad is atá na fiosrúcháin fós ar siúl. 

SCÉALTA EILE