Tá an nuachtán An Teachdaire Gaidhealach, a foilsíodh in Hobart na Tasmáine sa bhliain 1857, ar fáil anois i bhfoirm dhigiteach. Tá ochtó leathanach — nó deich n-eagrán — den nuachtán Gàidhlig ar fáil anois ar chartlann Leabharlann Stáit Victoria san Astráil.
Ba é Comunn Gàidhlig Astràlia Comunn Gàidhlig Astràilia a d’fhoilsíodh an míosachán ó mhí Feabhra 1857 go mí na Samhna 1857. Bhí an iris as cló ar feadh 124 bliain (1858 – 1981) ach foilsíodh ‘Aireamh [uimhir] 10’ i mí na Nollag na bliana 1981. Foilsíodh go hainrialta arís í ó 1981 go 1990 agus táthar á fhoilsiú uair sa ráithe ó 1998 i leith.
Nuachtán a bhí dírithe ar an iomaí Gael a bhí “scaoilte thall is a abhus ar na hoileáin seo” [an Astráil/an Tasmáin} a bhí sa Teachdaire Gaidhealach. Tá an fheidhm sin fós ag an tréimhseachán a chuirtear amach sa lá atá inniu ann agus eolas agus nuacht ann faoin bpobal Astra-Albanach agus scéalta faoi chás na teanga in Albain féin ann go rialta.
Is féidir eagráin 1857 den nuachtán a léamh saor in aisce anseo.