Ina cholún is déanaí ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, pléann Ciarán Dunbar le Gaeltacht Oirialla agus cuireann sé an cheist, cad chuige a maireann oidhreacht Ghaelach an cheantair seo ar bhealach nach fíor do gach iar-Ghaeltacht?
Sin macalla Ghaeltacht Oirdheisceart Uladh, nó Oirialla, nach maireann.
Fuair an fíor-chainteoir dúchais deireanach as an cheantar, Anna Uí Annluain as Ó Méith i leithinis Chuaille, bás sa bhliain 1969.
Fuair an duine deiridh a bhí in ann canúint Ó Méith a labhairt, Peadar Ó Sluain, bás in 1974.
Má tá, chan rún dúinn Gaeltacht Oirialla.
Tá scoláirí ann, go dtí an lá inniu féin, a dhíríonn isteach ar an cheantar seo – deisceart Ard Mhacha, tuaisceart Lú, deisceart Mhuineacháin – thar aon áit eile.
Cuireadh na scórtha leabhar ón cheantar i gcló thar na blianta, chomh maith le hailt in irisí.
Tá uaireanta de thaifeadáin déanta ar an chanúint, idir cheol, scéalta agus chomhluadar.
Bíonn amhráin Oirialla – ‘Úirchill an Chreagáin’, ‘Dúlamán’, Úrchnoc Chéin Mhic Cáinte’, ‘Séamus Mac Murchaidh’ – le cloisteáil gach aon lá ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Déanta na fírinne, mhair an Ghaeilge níos faide i gContae an Chláir, i mBéarra, i dTiobráid Árainn agus in Oileán Reachlann fiú, ach níl clú na Gaeilge ar na háiteanna sin sa dóigh chéanna is atá ar oirdheisceart Uladh.
Cén fáth ar mhair an clú seo?
Oidhreacht na bhfilí, a luaitear liom arís agus arís eile.
Mac Cumhaigh, Mac Cuarta, Mac Giolla Fhiondáin, Ó Dóirnín, Ó Cearnaigh.
Is cinnte go raibh traidisiún láidir ar leith ann.
Ach bhí filí, dánta agus amhráin i ngach Gaeltacht.
Seans gur chuir bailitheoirí spéis as an ghnáth sa cheantar, a deirtear liom chomh maith.
Bhí Gaeltacht Oirialla áisiúil go leor do na bailitheoirí – díreach idir Bhaile Átha Cliath agus Béal Feirste agus furasta a bhaint amach ar an traein.
Ach arís bhí lucht bailithe na Gaeilge agus an cheoil i ngach áit.
In ainneoin a cáile i measc na nGael, áfach, níl mórán eolais ar an tsean-Ghaeltacht seo ag an mhór-phobal Béarla i gcoitinne.
Ach tá sé sin á réiteach ag gníomhaithe agus ag scoláirí, ag an am céanna is atá stair Ghaelach na hÉireann uile, scéal na cosmhuintire, ceilte ar lucht an Bhéarla go minic, ceal Gaeilge.
Is iad na buaiteoirí a scríobhann an stair.
Agus ag caint ar an stair…
Bhí mé ar thuras staire thart ar an teorainn mar chuid de shiompóisiam ar Sheosamh Mac Grianna ar an Iúr ar na mallaibh.
Éamonn Ó hUallacháin an treoraí ar ár n-aistear.
Cosúil le gach scéalaí Gaeilge, labhair sé ar na filí mar a bheadh aithne aige orthu.
Má tá seans agat tráthnóna a chaitheamh in Oirialla le hÉamonn, tapaigh an deis.
“Ar bhealach,” a dúirt mé, le fear eagraithe an turais, “is trua nach bhfuil sé seo i mBéarla, chun an stair spéisiúil seo a chur in iúl don mhór-phobal.”
Ach d’fhreagair seisean mo cheist le cinnteacht.
“Ach ní féidir sin, ní bheadh aon chiall leis.”
Bhí an ceart aige faraor.
Cibé ar bith, mar chuid den siompóisiam céanna thug Séamus Mac Daibhéid as Baile Mór an Iúir léacht ar stair Chonradh na Gaeilge sa bhaile agus sa cheantar máguaird.
Rinne sé cur síos ar oll-ghluaiseacht a raibh na céadta daoine páirteach ann ag tús an chéid seo caite
Gluaiseacht a d’imigh as radharc ina dhiaidh sin.
Bhí mé in íseal brí in éis na cainte sin.
Saothar amú a bhí ann, a thuig mé.
An bhfuil na botúin chéanna á ndéanamh go fóill?
Tá an-obair ar siúl ag Conradh na Gaeilge sa cheantar faoi láthair ach ba riachtanach an ghluaiseacht sin a thoiseacht arís as an nua.
Ach mar a dúirt Séamus liom in éis domh mo bhuaireamh a lua leis, “ach tá muid anseo – ag caint Gaeilge – agus tá go leor de mhuintir an cheantair le fáil i ngluaiseacht na Gaeilge, san iriseoireacht, ag leachtóireacht, ag aistriú agus mar sin.”
Níor rith sé liom roimhe sin gurb é sin toradh na hoibre a chuaigh roimhe.
Sea, bíonn orainn toiseacht arís ó am go ham ach ní bhíonn muid ag toiseacht as an úr go hiomlán.
Títear dom go maireann oidhreacht Ghaeltacht Oirialla mar gheall ar na gníomhairí agus na scoláirí a choinníonn beo í.
Ach chan fhuil siad ag toiseacht as an nua.
Tá siad ag tógáil ar shaothar na mbailitheoirí agus na ngníomhaithe a chuaigh rompu atá ró-líonmhar le lua.
Ba é ollghluaiseacht láidir na Gaeilge sa cheantar a d’éascaigh an saothar sin – gluaiseacht nach raibh chomh láidir céanna in áiteanna eile.
Mar sin de, cad faoi oidhreacht ghluaiseacht na Gaeilge in oirdheisceart Uladh, nó go deimhin sa tír go coitianta…
Bua nó bás?
Teip nó rath?
Measaim, mar a dúirt Mao Tse-tung faoi thionchar Réabhlóid na Fraince (mar dhea), go bhfuil sé “ró-luath breithiúnas a thabhairt air.”