Athainmneofar Oileáin Cook, tír bheag san Aigéan Ciúin a ainmníodh as an taiscéalaí mór le rá an Captaen James Cook, go hainm nua a ligfidh stair choilínithe na tíre i ndearmad agus a thabharfaidh a hoidhreacht Pholainéiseach chun cuimhne.
Tá an t-oileánra suite thart ar 3,000km soir ó thuaidh ón Nua-Shéalainn agus tháinig an Captaen Cook, fear a rinne go leor taistil ar son na Breataine Móire, i dtír ann in 1773. Ghlac an Bhreatain seilbh ar na hoileáin in 1888. Ón mbliain 1965 i leith, is tír neamhspleách í Oileáin Cook ach tá saor-chomhcheangal ag an tír leis an Nua-Shéalainn.
Bhí reifreann ann 25 bliain ó shin le hainm na tíre a athrú go Avaiki Nui ach níor glacadh leis an moladh.
Dúirt leas-PhríomhAire na tíre, Mark Brown, gur mhaith leis go n-athrófaí an t-ainm ach go gcaithfeadh an 12,000 duine atá ina gcónaí in Oileáin Cook a bheith páirteach sa bpróiseas. Bhunaigh an rialtas coiste le hainm dúchais a aimsiú a d’úsáidfí in éineacht le ‘Oileáin Cook’ ach bheartaigh an coiste sin James Cook a ligean i ndearmad agus ainm áitiúil sa Maorais, teanga dhúchais an oileáin, a roghnú.
“Tá mé sásta go maith ainm traidisiúnta a fhiosrú a léiríonn oidhreacht cheart Pholainéiseach ár dtíre oileánda. Caithfear a mheas, ar dtús, an bhfuil fonn ar an bpobal athrú ainm a chur i bhfeidhm,” a dúirt sé leis an New Zealand Herald.
Tá tacaíocht traspháirtí ag an moladh go n-athrófaí an t-ainm ach dúirt ceannaire an fhreasúra, Tina Browne, gur dóiche ná a mhalairt go mbeadh muintir na tíre idir dhá chomhairle faoin gceist.
“Is deacair a mheas cé acu an mbeidh nó nach mbeidh tromlach na ndaoine ar son an athruithe,” a dúirt sí.
Le tamall de bhlianta anuas, tá nós tagtha chun cinn i dtíortha éagsúla timpeall an domhain fáil réidh le logainmneacha agus logainmneacha dúchais a chur sa gcúrsaíocht arís. I Meiriceá, athainmníodh an sliabh is airde sa tír sin, Mount McKinley, go Denali, ainm dúchais an tsléibhe in 2015. In Éirinn, tugadh aitheantas oifigiúil do leaganacha dúchais na logainmneacha Gaeltachta in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.