Os cionn 2,500 cuntas páirteach i #TrasnanadTonnta

Ghlac 2,569 cuntas Twitter, idir chuntais phearsanta agus cuntais eile, páirt sa bhfeachtas idirnáisiúnta Gaeilge #TrasnanadTonnta a bhí ar siúl ag tús na míosa. De réir figiúirí a chuir an tOllamh Kevin Scannell ó Ollscoil Missouri ar fáil do NÓS, seoladh thart ar 10,700 giolc le linn an fheachtais.  

Tháinig  na 10,700 giolc ó 2,569 cuntas éagsúla, cuntais nár sheol a bhformhór acu giolc i nGaeilge riamh cheana. De réir na hanailíse a rinne Kevin ar na giolcacha, ba le linn sheachtain #TrasnanadTonnta a sheol 62% de na cuntais a bhí gníomhach teachtaireacht i nGaeilge ar Twitter.  

Chuir Conradh na Gaeilge, a d’eagraigh #TrasnanadTonnta i gcomhar le Fulbright agus ICUF, a staitisticí féin amach go gairid i ndiaidh an fheachtais. De réir an eolais a bailíodh taobh istigh den chúig lá a mhair an feachtas, ‘scaipeadh’ giolcacha faoin haischlib ar 5.7m cuntas ar Twitter, agus rinneadh 37.5m ‘imprisean’.  

Ba é an cuntas @tuigim, giolcaire Gaeilge atá lonnaithe in iarthar Mheiriceá, an cuntas aonair is mó a bhain úsáid as an haischlib #trasnanadtonnta le linn  an fheachtais, agus 189 giolc curtha amach aige faoin haischlib sin. 

Seo a leanas an deich gcuntas pearsanta is mó a ghlac páirt sa bhfeachtas:  

1. @tuigim (SAM)

2. @dinnycasey (Éire)

3. @always_chels (Ceanada)

4.  @JillMcMahon91 (SAM)

5. @RangDonnellan  (SAM)

6. @BrídCph  (An Danmhairg)

7. @aonghusoha (Éire)

8. @prendizzle  (SAM)

9. @NO2DV41 (An Bhreatain Bheag)  

10. @Maddisson_C (Ceanada)

Mar a bheifí ag súil, bhí cuntais oifigiúla agus cuntas eagraíochtaí ard ar liosta na n-úsáideoirí freisin, cuntais Chonradh na Gaeilge, Thrasna na dTonnta, Ireland, agus Oireachtas na Gaeilge Cheanada ina measc.  

Ba í Gwen Hamilton, atá lonnaithe in Ottawa i gCeanada a sheol an giolc is mó a chuaigh i bhfeidhm ar lucht leanta na haischlibe lena scéal faoi thiománaí bus a bhaint geit aisti nuair a labhair sé Gaeilge léi.

SCÉALTA EILE