Ní raibh d’acmhainn age mo mhuintirse éinne dá gclainn a chur chun Coláiste Gaeltachta. Dá dheasca san, agus de dheasca nárbh é mo chontae dúchais an contae ba threise Gaelainn amuigh, ní raibh aon chuimhneamh agam ar dhul in aon ghiorracht don nGaelainn tráth an fhoirm CAO á líonadh amach agam. Thugas m’aghaidh ar Luimneach an fómhar dar gcionn. Tríd an aithne a chuireas ann de réir a chéile ar mhic léinn agus ar iníonacha léinn ó chontaetha Gaeltachta na Mumhan, bhí blaiseadh fuascailteach den nGaeltacht á fháilt den gcéad uair agam ar an ollscoil.
B’ait an rud é go raibh Gaeltacht na nDéise ar leac an doiris agam ó saolaíodh mé, agus nár thugas cuairt ar aon dúthaigh Ghaeltachta nó gur bhaineas amach Conamara i samhradh na bliana 2007. Bhí sé de charthanacht age coláiste samhraidh éigint post a thabhairt dom mar cheannaire. B’eo liom ar an mbóthar go Ros an Mhíl nó gur shroicheas tig bándearg a sheas go maorga ar íor na spéire ríghoirme. Tig na múinteoirí ab ea é sin, gan éinne uaim ná chugham toisc na múinteoirí a bheith bailithe leothu cheana féinig chun an tábhairne ag caitheamh siar.
Ag siúl liom féin aníos i dtreo an choláiste an mhaidean dar gcionn, do casadh orm feirmeoir Gaeltachta den tseana-dhéanamh ceart. “Tá sé brothallach” arsa mise leis ag baint leas féinchoinsiasach an fhoghlaimeora as focal Gaelainne ab eol dom a bheith le fáil i gcanúintí áirithe an Bhéarla ar feadh na tíre. “Meirbh a dheireann muide” an freagra a fuaireas uaidh – an sórt aiseolais canúnach is ríghá dul i ngleic leis d’fhonn aon dul chinn fónta a dhéanamh i bhfoghlaim teangan. Sara raibh deireadh ár gcomhrá déanta, bhí mo dhuine ag seanchaíocht leis ar an leigheas a dhéanfadh braoinín de bhainne na gcaisearbhán ar fhaithní.
Níor thuigeas ach a leath dá gcuid cainte siúd, mo theanga féin ag imeacht ceangailte i gcomhréir a bhí bunoscionn le m’éirim. Ach bhí a fhios agam go rabhas tagtha anois go dtí an áit cheart – m’intinn féin agus mo chló ceart á n-oscailt beag ar bheag tríd an dteangbháil seo le gnéithe dár ndúchas a bhí ligthe i ndearúd age formhór na tíre. Táid siad ann agus gurbh fhearr leo mara mbeadh fanta sa Ghaeltacht ach na caisearbháin féin – páirceanna náisiúnta siamsaíochta a sholáthar do chuairteoirí den uile chineál, agus gan beann acu orthu siúd arb iad mianta a gcroí pobail sheasmhacha a chothú iontu.
“B’fhearr seachtain sa Phrióireacht ná bliain ar scoil” a deirtear, ach bhí a fhios agam nár leor fiú an mhí bhliantúil sa Ghaeltacht le greim shubstaintiúil a fháilt ar shaíocht na teangan. Ní haon jóc é an geimhreadh in Iarthar na hÉireann, ach bhíos meáite ar iarracht éigint a dhéanamh ar lipéad an “lá breá” a chaitheamh díom. Chuige sin, thosnaíos ar a bheith ag ullmhú i dtreo dul ag maireachtaint sa Pharóiste Múrach i gCorca Dhuibhne, dúthaigh go raibh fo-chanúint dá cuid go lárnach i mo thráchtas PhD. Níor chomh bog san bogadh go dtí an Ghaeltacht áfach!
Is ea, bead go deo baoch den bhfear a d’fhág paiste dá lantán sléibhe agam le go lonnóinn mo charbhán ann. Radharc ar an triúr deirféar agus uaigneas míorúilteach a d’fháiltíodh romham ar fhilleadh abhaile tráthnóna dom. Ní raibh an suaimhneas róchabhrach áfach an mhaidean ar dhúisíos de gheit le mo chois dheis ataithe age téachtán fola, mar dob éigean dom mé féin a thiomáint 60km soir go hóispidéal Thrá Lí – agus siar abhaile aríst nuair a bhí an fáthmheas fachta agam, mo chos ag scoilteadh ar feadh an ama. Agus chuas an lá dar gcionn aríst ag múineadh ábhar oidí a bhí ag comhlíonadh tréimhse thraidisiúnta na dtrí seachtaine sa Ghaeltacht.
Ní mó na sásta a bhí daoine áirithe nach in aice le campas na hollscoile féin a mhairfinnse agus mo chlár dochtúireachta idir lámha agam. Agus ní hé go raibh aon cheangal oifigiúil im chonradh a chuirfeadh iachall orm fuireach sa chathair. I mbun na cúlchainte a chuathas mar dhíoltas orm más ea – nár scaipeadh mar dhíoltas orm ráfla gur ar mhaithe le bheith ag luí le bean áirithe, sórt “cúgar” Gaeltachta, a bhí mo chinneadh cróga déanta agam! Cumadóireacht amach is amach! Agus bac institiúideach ar bhuanchónaí a dhéanamh sa Ghaeltacht, arsa lucht na dteoiricí comhcheilge, b’fhéidir. Ach cíoraimís an cheist áirithe sin ar bhonn níosa bhuansheasmhaí ná ráflaí, de ghrá na cothroime.
Bhí fear ón áit i nganntanas tí le mo linnse ann, é ag maireachtaint i dtig soghluaiste ar a thalamh féin suas an bóthar uaim. Tig admaid féinleorga féinchuimsitheach a bhíonn cineálta don gcomhshaol agus ar léiriú é, b’fhéidir, den sórt tithíochta is féidir a fhorbairt amach anso sa tír – eiseamláir Ghaeltachta do dhaoine ar fuaid na hÉireann.
Ní mar sin áfach a thuig Comhairle Chontae Chiarraí an scéal. Bhí diúltaithe ag an údarás san do gach iarratas ar chead pleanála uaidh gach aon bhliain den deich mbliana roimis sin. Tá a leithéid chomh cómónta ar fuaid na Gaeltachta anois gur taibhsíodh do Des Bishop amhrán sean-nóis magúil a fhorbairt mar chuid dá thuras In The Name of the Fada: “ó ní bhfuair mé cead pleanálaaa, ach an cunt siar an bóthaaar, fuair sé sin cead pleanálaaa”.
Níl an feiniméan so chomh barrúil céanna áfach nuair a chuirtear na himpleachtaí daonna san áireamh. Dhá mhilliún déag d’fhíneáil agus dhá bhliain príosúntachta atá anois á bhagairt ar an bhfear úd a bhí tamall mar chomharsa agam.
Nuair a d’ardaíos an cheist seo i láthair Seán Kyne ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mbliana, cuireadh i mo leith gur a d’iarraidh aird a tharrac orm féin a bhíos. Bhuel, má chabhraíonn san le aird a tharrac ar chás na Gaeltachta, cuma sa diabhal liomsa cén masla eile a chaithfear im threo-sa.
Is ea, bhí dúshláin ann, ach ba iad na blianta a chaitheas i gCorca Dhuibhne ar na blianta ab fhearr dar chaitheas fós. Ní hionann so agus a rá nach féidir cruacheisteanna a dh’ardach ins an am céanna. Idir chláracha teilifíse, choláistí samhraidh á gcur ar ceal, agus haischlib úr nua an #seoíanGhaeltacht faoi lán tseoil, is maith an tréimhse í seo chun ceist na Gaeltachta a chíoradh.