An bhfuil baol ann don fhéiniúlacht Éireannach? Pléann Ciarán Dunbar cúrsaí teanga anseo agus conas a théann siad i bhfeidhm ar an fhéiniúlacht.
Níl mórán daoine ann a bhfuil cur amach cuimsitheach acu ar an teangeolaíocht agus is beag duine a thuigeann cad atá i gceist fiú.
Go deimhin ní bhíonn sí ar fáil mar ábhar i roinnt mhaith ollscoileanna.
Is ábhar iontais é sin domsa mar, ar bhealach, tá baint ag cúrsaí teanga le gach rud sa saol seo.
Is tríd an mheán sin a dhéanann an cine daonna cúrsaí a phlé, a thaifeadadh agus a thuiscint.
Is léir an bhaint atá ag cúrsaí teangeolaíochta le cúrsaí teanga, ní nach ionadh, ach cha dtuigtear chomh fairsing céanna an bhaint fhollasach atá idir í agus cúrsaí síceolaíochta, cúrsaí polaitíochta, na meáin agus, ar ndóigh, cúrsaí féiniúlachta.
Don chuid is mó de dhaonra an domhain seo, is í an teanga a labhraíonn duine an phríomhghné dá bhféiniúlacht pholaitiúil náisiúnta – agus nuair a chailltear an teanga, cailltear an fhéiniúlacht pholaitiúil náisiúnta sin.
Sin a mhaígh de hÍde, an Piarsach agus eile a bhí ag tarlú in Éirinn le meath na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh.
Déarfadh an mhórchuid d’Éireannaigh na linne seo áfach nach amhlaidh an cás agus go bhfuil an fhéiniúlacht Éireannach slán sábháilte d’ainneoin go labhraíonn abair 90% de mhuintir na tíre an Sacs-Bhéarla mar rogha-theanga.
Ach an bhfuil an ceart acu?
Tharla rud éigin an tseachtain a chuir ag smaoineamh mé.
Bhí mé ag obair ar scéal a bhain le buachaill óg, 11 bliana d’aois, Igor Tedewicz, ar tugadh greadadh dó i bpáirc spraoi ar an Phointe, i ndeisceart an Dúin.
Is de bhunadh na Polainne é agus creidtear gur ar an ábhar sin a rinneadh ionsaí air.
Chlúdaigh mé an scéal agus phléigh mé ar an aer é ach de bhrí go bhfuil mé “gar don talamh” mar thuairisceoir áitiúil, mar a deir an ceann eile, déanaim cinnte de i gcónaí dhá nó thrí thaobh leis an scéal a chur san áireamh agus go gcuireann muid fáilte roimh aon eolas eile.
Mar sin féin, bhí iontas orm nuair a buaileadh cnag ar dhoras an stiúideo trí bhomaite ina dhiaidh sin.
Bhí bean ag an doras ag iarraidh labhairt liom, bean de bhunadh na háite – mar a dúirt mé, bíonn an tuairisceoir áitiúil gar don talamh agus ní gá a bheith siúlach le bheith scéalach go minic nuair is eol don phobal go díreach cá bhfuil tú.
“Cén uair a bheas cothromaíocht ann?” a dúirt sí liom.
“Cén uair a bheas tú ag caint faoi pháistí Polannacha ag déanamh ionsaí ar pháistí s’againne?” a d’fhiafraigh sí.
D’iarr mé uirthi an raibh aon eolas ar leith aici, agus an mbeadh sí sásta dul ar an aer le labhairt faoi.
Dúirt sí liom, “them Polish kids are attacking English kids, it’s not one-way traffic like it’s made out.”
Baineadh geit asam rud beag agus d’iarr mé uirthi an scéal a shoiléiriú – ní gá na sonraí ar fad ach dar léi go raibh stócach de bhunadh na Polainne ag céasadh a mic ar an ábhar go raibh sé rud beag ramhar.
“They give as good as they get,” a mhínigh sí.
“Ní páistí Sasanacha amháin is ciontach – sin mo phointe,” a dúirt sí.
Caithfidh sé nach raibh mé in ann m’iontas faoina cur síos ar pháistí áitiúla a choinneáil faoi cheilt agus rinne sí téarmaíocht s’aici a shoiléiriú.
“English kids from Ireland,” a dúirt sí agus is léir gur páistí ‘áitiúla’ a bhí i gceist aici – is é sin le rá ‘muidne’, ní ‘iadsan’.
Ar ndóigh, ní raibh ann ach duine amháin ach cén fáth ar úsáid sí an téarma “English” seachas “Irish”?
Bhál, ar ndóigh, cúrsaí teanga, bun agus barr an scéil ach seans gur “paistí Béarla” a bhí i gceist aici, má thuigeann tú leat mé.
Is Éireannaigh muid ach seans nach bhfuil i gceist san Éireannachas seo ach leagan den Bhriotanachas arb ionann é agus Sasanachas ag deireadh an lae?
I gcomparáid le Polannaigh, in aigne an duine áirithe seo, agus go leor cosúil léi, is “English” iad muintir na háite sa chás seo mar go labhraíonn siad Sacs-Bhéarla.
Le tamall anuas, mothaím go bhfuil an caidreamh idir “daoine áitiúla” anseo ar an Iúr agus an pobal Polannach ag dul in olcas, agus ní léir domh go bhfuil locht ar bith ar an phobal Pholannach maidir leis.
Tá díreach an milleán á chur orthu mar gheall ar dheacrachtaí áirithe ar an bhaile.
Ach tá Sínigh ann, daoine de bhunadh na hAfraice – cén fáth na deacrachtaí seo ag roinnt daoine leis na Polannaigh thar aon dream eile?
Tá sé simplí; cúrsaí teanga.
Tá siad ag labhairt a dteanga féin agus ag coinneáil a bhféiniúlachta náisiúnta seachas ag géilleadh don chultúr áitiúil Béarla.
Cluineann daoine teanga eile nach dtuigeann siad ar an tsráid nó san áit oibre agus ní maith leo sin.
Níl mé ag rá nach dtuigim sin go pointe: is féidir leis a bheith aisteach gan a bheith ábalta cad atá ag dul ar aghaidh thart ort a thuiscint.
Tá an Pholainnis le cloisteáil ar bhonn laethúil ar an bhaile seo agus i mbailte beaga máguaird cé nach bhfuil sí chomh coitianta mar a bheadh sí i nGaillimh cuir i gcás.
Tá an Pholainnis i bhfad níos láidre ná mar atá an Ghaeilge sa cheantar – níl aon amhras faoi sin.
Baineann an PSNI áitiúil úsáid mhór as an Pholainnis ar Facebook – go conspóideach caithfidh mé a admháil.
Ritheann sé liom, má tá tú ag iarraidh doimhneacht dhílseacht na nÉireannach do chultúr Sasanach an Bhéarla a thuiscint, ní gá ach éisteacht le daoine áirithe ag caint faoi Pholannaigh na tíre.
Ach tá samplaí eile ann i dteanga na ndaoine a léiríonn gnéithe dá dtuiscintí féiniúlachta.
Bíonn leisce ar dhaoine ‘bunscoil’ nó ‘bun-school’ a rá, deirtear ‘wee Irish school’.
‘Wee’ chun a bheag a dhéanamh as ar ndóigh ach ní ‘Irish medium school’, nó ‘Irish language school’ a bhíonn acu , díreach ‘Irish school’.
Ar ndóigh tugtar ‘English schools’ ar na cinn eile i gcomhthéacs na gcomhráite seo.
Arís, léiríonn sé sin go leor ó thaobh síceolaíocht fhéiniúlachta de.
Agus ní i measc an lucht oibre amháin a léirítear an meon seo.
Bíonn an colúnaí Sarah Carey ag argóint i gcoinne tacaíocht stáit do Ghaelscoileanna ó dheas, bíonn sí ag caint ar “our national schools” ag iarraidh an ‘sinn’ agus ‘iad’ a chruthú.
Ar ndóigh is ‘scoileanna náisiúnta’ iad na Gaelscoileanna agus roghnaíonn fo-eagarthóirí an Irish Times gan sin a cheartú – úsáidtear míchruinneas teanga mar arm.