Tá plé bríomhar ar siúl faoi thodhchaí na Gaeltachta ó seoladh an Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: 2006-2011 ag deireadh mhí na Bealtaine.
“Réamhspléachadh ar an mbás teanga” atá anois á fháil againn i gceantair Ghaeltachta ar fud na tíre dar le húdair an taighde an Dr. Conchúr Ó Giollagáin agus Martin Charlton, agus é á mhaíomh acu gur dócha “nach mairfidh aon cheantar Gaeltachta, mar a thuigtear go sóisialta agus go cultúrtha í, níos faide ná tréimhse deich mbliana ag an bpointe seo”.
Is rabhadh géar é sin ar cad atá i ndán dár gceantair thraidisiúnta Ghaeilge má leanann na patrúin reatha labhartha agus tá cur agus cúiteamh ar bun anois faoin tslí is fearr chun an creimeadh a thiontú.
Inniu san Irish Times tá colún spreagúil ag Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, ina dtugann sé “glaoch chun gnímh” ar an taighde duairc is déanaí agus leagann sé síos beartais áirithe a chuirfeadh cor dearfach i gcinniúint na Gaeltachta, ina measc:
1) Polasaí ceart oideachais do na Gaeltachtaí,
2) Maoiniú ceart d’Údarás na Gaeltachta agus córas pleanála teanga nua sa phobal,
3) Tacaíocht do ghrúpaí Gaeltachta a chumasaíonn an pobal chun a theanga dhúchais a úsáid agus an pobal a fhorbairt.
Bás nó Beatha?
Figiúirí éadóchasacha faoi úsáid na Breatnaise ó dhaonáireamh 1961 a spreag an gníomhaí, file agus staraí Saunders Lewis a ghairm slógaidh chlúiteach féin a scríobh, Tynged yr Iaith (Cinniúint na Teanga), aiste inspioráideach a d’aistrigh Máirtín Ó Cadhain mar Bás nó Beatha go gairid ina dhiaidh.
Chuaigh léacht den aiste a thug Lewis ar raidió an BBC ag an am i bhfeidhm an oiread sin ar mhuintir na Breatnaise gur cuireadh tús le hathbheochan úrnua réabhlóideach atá mar bhunchloch ag forbairt agus ag cur chun cinn na teanga sa Bhreatain Bheag ó shin.
Léiríonn fianaise ónár gcol ceathracha ar an taobh thall de Mhuir Éireann gur féidir staid teanga, agus staid na bpobal traidisiúnta a labhraíonn í, a fheabhsú ach an dóigh leat féin go mbeidh muidne anseo in Éirinn in ann na hathruithe riachtanacha atá ag teastáil a dhéanamh, ag leibhéal an phobail agus ag leibhéal an rialtais?
An bhfuil tú dóchasach go mbeidh sé de chumas againn an Ghaeltacht, mar is eol dúinn anois í, a shábháil?
Léirigh do thuairim sa phobalbhreith seo thíos nó roinn do chuid tuairimí sna nótaí tráchta.
Ag deireadh an lae, is uainn féin, pobail na Gaeltachta agus na Gaeilge, a thiocfaidh an spreagdh atá uainn.