Pop Up Gaeltacht ‘digiteach’ le reáchtáil ag IrishCentral tráthnóna

Tá Pop Up Gaeltacht ‘digiteach’ le reáchtáil ag a seacht a chlog tráthnóna ag an iris Éireannach IrishCentral, atá lonnaithe in New York. Cuireadh oícheanta Pop Up Gaeltacht ar ceal ar fud an domhain mar gheall ar scaipeadh an víris chorónaigh an mhí seo — an ceann mór millteach a bhí beartaithe do Bhaile Átha Cliath deireadh seachtaine na Féile Pádraig san áireamh. 

Ó shin, tá roinnt mhaith daoine tar éis ócáidí digiteacha a reáchtáil in Éirinn agus thar lear le deis a thabhairt do chainteoirí Gaeilge atá sáinnithe ina gcuid tithe a dteanga a labhairt, nó deis a thabhairt d’fhoghlaimeoirí Gaeilge barr feabhais a chur ar a scileanna teanga. 

Ba é Jeffrey Sardina, atá lonnaithe in San Diego, a cheap an smaoineamh i ndiaidh dó páirt a ghlacadh i bPop Up Gaeltacht eile idirnáisiúnta a reáchtáil IrishCentral an bhliain seo caite. 

“An smaoineamh atá taobh thiar den Phop Up Gaeltacht seo ná cainteoirí Gaeilge a nascadh le chéile ar fud na cruinne. Ar an gcéad amharc, shílfí nach bhfuil cruinniú ar líne chomh deas céanna le hatmaisféar a bheadh níos pearsanta, ach cuireann sé ar ár gcumas a bheith i dteagmháil le cainteoirí Gaeilge ar fud na cruinne — ó California go dtí an Eoraip agus níos faide fós anonn.

“Go háirithe anois agus gan an dara rogha againn casadh le chéile áit ar bith eile, bheartaigh mé an deis a thapú rud éigin nua a thriail. Agus, bunaithe ar líon na ndaoine a léirigh spéis ann go dtí seo, tá mé ag ceapadh go n-éireoidh i bhfad níos fearr leis ná mar a shíl mé,” a dúirt Jeffrey le IrishCentral. 

Beidh “Pop Up Gaeltacht Ar Coraintín” á óstáil ag IrishCentral inniu an 28 Márta ag 19.00 (am na hÉireann) / 15.00 (am New York) / 12.00 (am California). Beidh sé á shruthlú ar a suíomh féin agus ar Facebook

SCÉALTA EILE