‘Praistriúchán’, ‘dea-Ghaeilge’, ‘Gaelscoilis’ agus ‘nuachainteoir’
focail nua ár linne

Foilsíodh inné, ar an suíomh seo, roinnt focal atá in úsáid go coitianta ar na meáin shóisialta agus áiteacha eile ar líne, ach nach bhfuil ar fáil i bhFoclóir Uí Dhónaill, mórfhoclóir na Gaeilge. Inniu, tá liosta eile againn d’fhocail nach bhfuil ar fáil in aon fhoclóir mór Gaeilge — Tearma.ie, Focloir.ie ná Teanglann.ie. 

Baineann cuid de na focail sin leis an nuatheicneolaíocht — ‘códáil’, ‘blagchruinne’, ‘blagadóireacht’. Tá cuid acu, áfach, atá chomh coitianta sin in ailt agus i gcomhráite an lae inniu go gcuirfeadh sé iontas ar chainteoir laethúil Gaeilge gan iad a bheith i bhfoclóir — scátheagraíocht, bunmhúinteoireacht, seanlitríocht, agus Gaeloideachas. 

Is é an tOllamh Kevin Scannell ó Ollscoil Missouri i Stáit Aontaithe Mheiriceá a chuir an liosta le chéile agus an t-eolas bainte aige ó chorpas mór idirlín atá aige, ina bhfuil ábhar ó na meáin shóisialta agus cáipéisí Gaeilge a foilsíodh ar líne.

Tá go leor comhfhocal ar an liosta, agus d’fhéadfaí a mhaíomh nach focail nua iad seo ach léiriú ar an athrú gramadaí atá tagtha ar an nGaeilge le tamall de bhlianta anuas. Feictear comhfhocal go minic ar an liosta seo, nós nach raibh chomh láidir sin sa nGaeilge go traidisiúnta — leithéidí ‘áisaonad’, ‘dréachtmharghadh’ agus ‘tascghrúpa’. Tráth dá raibh, is túisce a scríobhfaí ‘aonad áise’, ‘margadh dréachta’ agus ‘grúpa taisc’ ná na leaganacha a luaitear ar an liosta. 

Tá focal eile ar an liosta nach bhfuil i bhfoclóirí toisc go bhfuil aidiacht, ar nós ‘fíor’ nó ‘mór’, curtha le tús an fhocail agus aithníonn an ríomhaire mar fhocal ar leith iad — leithéidí ‘mórpháirtí’, ‘seanteanga’, ‘fíorthábhacht’ agus ‘fíorláidir’. Tá cúpla sampla d’fhocail a ‘thosaítear’ le ‘frith’, ‘gnáth’ agus ‘sár’ ann chomh maith. 

Tá focail ar an liosta a chuireann síos ar choincheapa atá thar a bheith nua chomh maith, ina measc ‘nuachainteoir’ (duine a bhfuil Gaeilge mhaith aige ach nár tógadh le Gaeilge i gceantar Gaeltachta), podchraoltóir, Gaelscoilis (an bhreacGhaeilge a labhraíonn go leor daltaí Gaelscoile), agus praistriúchán (drochaistriúchán Gaeilge a fheictear go minic mar thoradh ar úsáid leithéidí Google Translate). 

Is ar chorpais mar atá curtha le chéile ag Kevin Scannell a bhunaítear foclóirí den chuid is mó, agus d’fhéadfaí úsáid a bhaint as an gcorpas idirlín seo sna blianta amach romhainn le foclóir nua Gaeilge-Gaeilge nó foclóir nua Gaeilge-Béarla a chur i dtoll a chéile. Tá an dá thogra seo luaite i bplean foclóireachta Fhoras na Gaeilge ach níl an obair tosaithe i bhfírinne orthu go fóill agus lucht na bhfoclóirí ag cur barr smaise ar Focloir.ie, an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge.