Ranganna Manainnise beo ar Zoom le linn na paindéime

Tá múinteoir aitheanta Manainnise in Oileán Mhanann, James Harrison, ag tabhairt ranganna Manainnise ar an aip Zoom ó cuireadh a chuid ranganna cearta ar ceal níos luaithe an mhí seo. Bhí ranganna á dtabhairt ag James do mhuintir an oileáin ag trí leibhéal sular dúnadh ionaid phoiblí Mhanann an tseachtain seo caite le bac a chur ar scaipeadh an víris.

Chinn James, a bhfuil leabhair d’fhoghlaimeoirí scríofa aige, a ranganna a aistriú ón seomra ranga go dtí an t-ardán Zoom le go mbeadh a chuid scoláirí in ann leanacht ar aghaidh ag foghlaim na teanga Gaelaí.

Beidh meánrang, atá ar siúl le thart ar bhliain anuas, ar siúl ar an Luan ag 18.15. Táthar ag foghlaim cén chaoi labhairt faoin todhchaí agus faoi dhátaí sa rang sin. Beidh ardrang ar siúl Déardaoin ag 18.15, rang atá ar siúl le dhá bhliain anuas, agus táthar ag breathnú ar an modh coinníollach sa rang sin. Ar deireadh, tá bunrang le bheith ann Dé Sathairn, rang atá ar siúl le trí mhí anuas i Manainn agus ina bhfuiltear ag foghlaim rudaí bunúsacha ar nós “ta __ aym” (tá __ agam).

Cé go bhfuil an Ghaeilge agus an Ghaelg an-chosúil lena chéile, is dóigh gur fearr tosú sa mbunrang agus eolas a fháil ar bhunrialacha na Gaelg, atá an-éagsúil in áiteanna le rialacha na Gaeilge.

Má tá spéis agat sna ranganna, ní mór teachtaireacht a fhágáil do James ar an ngrúpa poiblí Facebook ‘Ynsee Gael’ (Foghlaim Manainnis) anseo.


Tá dhá leabhar scríofa ag James, in éineacht le Adrian Cain, le tamall de bhlianta anuas — Manx Words ag Manx Phrases, agus tá go leor oibre déanta aige ar son a theanga i Manainn. 

SCÉALTA EILE