Seoladh an rap nua-chumtha ‘Aisling ag Bobby’ le Dónall Dubh – nó Séamus Barra ‘lán tallainne’ Ó Súilleabháin – ar Twitter inniu mar chuid den bhfeachtas nua ríomh-fhilíochta #FilíochtnaMáirt.
Cé nach fada an feachtas ar an bhfód – a ritheann ar an haischlib #FilíochtnaMáirt – tá ag éirí thar cionn leis filíocht i nGaeilge de gach saghas a mhealladh go Twitter.
Ó lár mhí na Nollag, nuair a tháinig #FilíochtnaMáirt chun cinn, iarradh ar dhaoine dánta a roinnt gach Máirt, bíodh siad i bhfoirm téacs, grianghraf, fuaimeanna, físeán nó eile.
Seo spléachadh ar chuid den ábhar a bhí le feiceáil ar an sruth go dtí seo.
Focail
Fiolar na físe á thachtadh ina sciúch, scréach allta á ligean ag crúbáil i ndúch. Ó Rathaile, le Liam Ó Muirthile #FilíochtnaMáirt
— Cois Life (@CoisLife) December 15, 2015
Pictiúr
bíodh carbhat orainn nó ná bíodh- is mar a chéile sinn haiku buíochas le @Feile_IMRAM r Facebook #FilíochtNaMáirt pic.twitter.com/FrJ1c6Jz5C
— Edel (@bisonasasta) January 19, 2016
Físeán
Marcus Mac Conghail agus Nell Ní Chróinín ag @OBheal https://t.co/evMxuVEdIQ #filiochtnamairt
— Ciara Ní É (@MiseCiara) January 19, 2016
Agus inniu, is deas linn a rá go roinneadh rap úrnua ‘Aisling ag Bobby’ ar #FilíochtnaMáirt, le Dónall Dubh.
Tá neart plé faoin nasc idir filíocht agus rap.
An ionann iad nó an cineál filíochta é rap?
Dar leis an gcumadóir Andrew Lloyd Webber, ba é an file clúiteach T.S Elliot a chur tús le rapcheol.
Ní lia duine ná tuairim!
An mbeadh sé éasca duit an difríocht idir rapcheol agus filíocht T.S Eliot a aithint? (Leid: Bheadh – tabhair faoin gceistneoir!)
Tá tuairim sách scaoilte agam féin maidir le sainmhíniú na filíochta. Is cuma liom faoi na lipéid.
Dóibh siúd a bhíonn ag rá gur cineál filíochta é rap, feictear dom go bhfuil dhá chúis a mbíonn an tuairim sin acu.
Táthar ann atá ag iarraidh go dtabharfar níos mó measa ar rap agus má ghlaotar filíocht air, tugtar ardú céime dó ar bhealach.
Agus táthar ann atá ag iarraidh go mbeadh cuma níos cúlailte ar an bhfilíocht agus má ghlactar le rap mar fhilíocht, cabhraíonn sé sin go mór lena híomhá.
B’fhéidir go dtitfinn féin sa dara grúpa.
Ar aon chaoi, seo rap nua le Séamus Barra Ó Súilleabháin, fear ildánach a chumann filíocht agus rap.
Dúirt Séamus gurb é Dónall Dubh an “alter ego” atá aige agus cé go bhfuil sé fós ag obair ar an bpíosa ceoil, bheartaigh sé é a chur amach ar #FilíochtNaMáirt.
Nach muid atá sásta!
Bainigí sult as, agus lean oraibh ag roinnt dánta iontacha ar #FilíochtNaMáirt!
Liricí: Aisling ag Bobby
Ar feadh mo shaoil
ní raibh uaim ach cneas
línte cóc spíd is máirín am chur siar ó dheas
fallaí folmha an tí ar cíos de shíor sna creathaibh le tiúnaibh
is níl aon ghá le Siún mise a mhúscailt maidin Luain
chun na matáin a chur ag gluaiseacht,
sa halla le hais an droichid, mo bholg ag obair le biorán
is snapchat á sheoladh ar fud na cruinne;
ardaíonn mo gha níos airde ná Túr Solais Bhleá Cliath
Éire Iath Glas á shárú gan aon diabhal coiscíní
má bhainim sprioc sa chéad sheáp
ní bhíonn orm aon náire
‘slán agat’ a chailín án is fágaim mar atá sí…
bhí Aisling ag Bobby
bhí Aisling ag Bobby
ach thá ceann ag Dónaillín.
mo dhriotháir ab ea mo laoch, a fuadaíodh i nócha sé
lámh do chuir ina bhás fhéin
níorbh aon timpiste é
fág nár bhain sé mórán deor’ as phiardaí sa tábhairne, dúirt:
“b’in atá i ndán do bhaill de dhríodar sráide
a rugann aga ar an ngaoth i gcomhluadar na madraí
a mheileann a gcuid aimsire
ag bailiú dreancaidí
deirtear gurb é an té gan bheann
an ceann gan chlann ná chéile
ach th’anam ‘on diabhal an dailtín san
ní raibh meas aige air fhéinig”
bhí Aisling ag Bobby
bhí Aisling ag Bobby
ach thá ceann ag Dónaillín.
táim ag déanamh alright ó chianaibh, istigh ar an íoc sóisialta
cúig scór sa tseachtain nach fada leat ag imeacht
má fhiosraíonn Brídín trén ngloine
bhfuil suím agat i Jobsbridge, abair;
‘lá éigin beidh lao éigin,
sín chugam mo dhíol a mhaoinín!’
na héadaí oibre breac le péint, caite díom lasmuigh don oifig,
is ó tá agam cúpla céad ar triúr, geal-snaoisín ar cairde thabharfaid
nach dealbh a bheadsa don weekend
ach ‘lár aonaigh tigh sléipe
i dtreo go dtitfead anuas arís
ar iníon driotháir Jamie.
is mairg fear óg gan phá,
cothaíonn sé drochmhianach
is deas liom nuair thagann mo chuid Gaolta aníos ó Inis
chun pósadh tórramh sochraid breithlá bainis céad comaoine
ní furast féile a dhealú ar an ndrabhlás ar feadh trí lá
turas na dtabhairní á dtabhairt gan stiúir
ar lorg leideanna rásaí
gnóthú an lae á dhoirteadh
i gcró rince
an chlub is deireanaí
bhí Aisling ag Bobby
bhí Aisling ag Bobby
ach thá ceann ag Dónaillín.
is deacair súil bheith le mórán insa saol so
seachas na rudaí saolta is mionphleisiúir ghraosta
mar shampla, mé ag síneadh an anála
sa tseomra gaile
bod i ngob Chaitríona, fé sruth na Lárach Báine
í síoch sléachta súmhar mise seasta
ag brionglóidigh fé bhosca feaigs, is buidéal uisce beatha
JD’s munar mhiste is fiche-phaca Benson
le cumhaidh i ndiaidh na marbh
is síorspallta mo ghóst-anam
ag faire na meirge
ag síneadh ar scin-iarainn
dhídean stáblaí tréighte
Mhargaidh Eallaigh
bhíodh ar siúl
tráthnóntaí Déardaoin
tráth, gurb in é an foscadh dá mbíodh
agem bhráthair agus a chairde
buidéil bheaga Budweiser
do robáileadar ón ollsiopa
a chur amach a oscailt
is a slogadh siar
go súgach
saor
slán
neacha na mairte á seoladh chun báis
bhí Aisling ag Bobby
bhí Aisling ag Bobby
ach thá ceann ag Dónaillín
pórtar dubh sa gheimhreadh, leann úll i lár an tsamhraidh
cúpla mí ag sclábhaíocht lem’ uncail i Nua Eabhrac
ag sleamhnú isteach i mótars iad á n-iompó ar an mbóthar
dá gcreidfeá-sa na scéalta so, do ghéillfeá don mBíobla Naofa,
mar ba mheasa i bhfad a dhéanfainn
dá mbeadh saoirse ann in aon chor
ach tá stuaire óg ag súil le síol
chuireas inti lá gréine
ná gabhaíg liom comhghairdeas
bheadh comhbhrón níos oiriúnaí
bead ag dul amach amárach
ar bhus póite
breithlá
Stéasaí
bhí aisling ag Bobby
bhí aisling ag Bobby
ach thá béibín insa tslí
aige Dónaillín.