Réaltaí RnaG


Tá sraith físeán á cur amach ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ar na meáin shóisialta mar chuid dá cheiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge.

‘Gaeilge na Gaeltachta’, #GnaG, an teideal atá ar an togra atá dírithe ar dhaoine ar mhaith leo a gcuid Gaeilge a shaibhriú, nó feabhas a chur ar a gcuid foghraíochta.

Tá láithreoirí na seirbhíse le feiceáil sna físeáin ghearra seo agus iad ag cur síos ar nathanna agus ar chora cainte a úsáidtear ina gceantair Ghaeltachta féin.

Is é an Conallach óg Damien Ó Dónaill (thuas), a bhíonn ag obair sna Doirí Beaga, atá le feiceáil san fhíseán is déanaí agus tagraíonn sé do na nathanna cainte agus na mionnaí móra is ansa leis.

Tá “oiread mallachtaí” acu an taobh sin tíre, a deir fear Rann na Feirste san fhíseán.

I measc na nathanna a roinneann Damien, tá “uascán”, focal eile ar amadán; “leathdhuine”, duine gan mhaith; agus “ag dul ar daoraí”, arb ionann é agus taom feirge!

Beidh craoltóirí eile an stáisiúin, mar atá banríon na maidine Sinéad Ní Uallacháin, an réalta peile Dara Ó Cinnéide, an Ciarraíoch ceolmhar Pádraig Ó Sé, fear mór na cainte Máirtín Tom Sheáinín as Conamara, an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin agus craoltóir Cormac Ó hEadhra, le feiceáil idir seo agus Dé Domhnaigh.

Coinnígí súil amach ar leathanach Facebook Raidió na Gaeltachta le haghaidh tuilleadh físeán!

SCÉALTA EILE