“βρεκεκεκέξ κοάξ κοάξ” a dúirt na froganna sa dráma le Aristophanes 2,423 bliain ó shin. “Brekekekex koax koax!” Ní focail Ghréigise iad dáiríre, ach iarracht ar fhuaim na bhfroganna a chur in iúl. Cineál onamataipé atá ann, cé gur fearr liom soiléire an leagain eile den téarma seo atá ar fáil dúinn: fuaimfhoclaíocht.
Meabhraíonn ráiteas seo na bhfroganna dhá shampla d’fhuaimfhoclaíocht sa tSean-Ghaeilge. Cuireann brekekekex an focal ‘creccaire’ i gcuimhne dom. Dar leis an bhfoclóir DIL, a person who entertains his patrons with raucous chatter is ea an ‘creccaire’. Tá sé soiléir gur díchumadh d’aon oghaim de ‘reccaire’ atá ann. Bhí stádas sách ard ag an reacaire sa seansaol. Eisean an duine a d’aithris, nó a “reic”, dánta na bhfilí.
“Caóc” an focal a chuir koax koax i gcuimhne dom. Ainm éin atá ann, an cág i nGaeilge an lae inniu. Is éard a chiallaíonn onomatopoeia dáiríre ná “ainm a dhéanamh”. Sa chás seo, rinneadh ainm an éin as an bhfuaim a dhéanann sé!
Focal an-chosúil le ‘cág’, ach a bhfuil baint aige le héan eile, is ea ‘grág’, an fhuaim a dhéanann an fiach. Deir an foclóir gur croak nó croaking atá ann. Sin é an t-ainm ar an bhfuaim a dhéanann an frog freisin i mBéarla. Thosaigh muid anseo le froganna. Céard a deir siad i nGaeilge?
Ribbit? B’fhéidir é, más frog crainn ar Chósta Thiar Mheiriceá atá ann. In Éirinn, áfach, níl ach cineál amháin froig ann, an Rana temporaria, atá coitianta ar fud na hEorpa. Déanann an frog seo fuaim atá cosúil le srann. Nó leis an díoscán a dhéanann doras nach bhfuil suite i gceart. Díosc díosc?