Rith sé liom dé hAoine seo caite, go mb’fhéidir gur droch-Ghael mé.
Bhí mé féin agus é féin ag baint súp as an saol Tigh Neachtain na Gaillimhe; barr na meidhreachta orainn ag faire ar dhaoine agus ar scléip an deireadh seachtaine timpeall orainn.
Mar a tharlaíonn ó am go ham, thosaíomar ag caint le lánúin eile taobh linn. Ba dheas an giob geab éadrom eadrainn agus bhí mé ar mo sháimhín só ina gcomhluadar go dtí gur cuireadh an cheist choitianta úd, a chuireann mé ar tinneall i gcónaí.
“And what do you do for work yourself?”
Má tá rud ar bith foghlamtha agam ó bheith ag caint le strainséirí i dtithe tábhairne, nó ar iompar poiblí, ag cóisirí nó eile, is é nár fiú a admháil go mbím ag obair i saol na Gaeilge. Níos minicí ná a mhalairt bíonn droch-chríoch air.
Níl sé de mhisneach agam a thuilleadh meangadh gáire a chur orm agus mo cheann a sméideadh go béasach leis an duine romham, mar a dhéanann siad a bhealach tríd na seanráitis chaite chéanna;
Go raibh drochmhúinteoir Gaeilge acu ar scoil.
Go raibh an ghráin acu ar an nGaeilge ar scoil.
Gur uafásach an rud é nach féidir linn an teanga a labhairt, tar éis na mblianta fada a chaitheamh ar scoil á foghlaim.
Gurbh fhearr do pháistí na tíre seo bheith ag foghlaim na Sínise.
Blah blah blah, Peig Sayers, blah blah blah.
agus an meall mór ar deireadh…
“An bhfuil cead agam dul go dtí an leithreas? Ha ha ha”
D’fhéadfainn cárta biongó a dhéanamh as.
Tá mé bréan de bheith ag tabhairt faoin seanchomhrá céanna arís is arís eile agus chun scéal gairid a dhéanamh de, is cuma liom faoi thuairimí na ndaoine seo.
Is cuma liom faoina “droch” mhúinteoirí agus faoina dtaithí ar scoil.
Táimse den tuairim gur laoch í Peig Sayers.
Agus
Ba chuma liom cead a thabhairt dóibh dul go dtí an leithreas, ach go bhfanfaidís ann agus nach dtiocfaidís ar ais.
D’fhéadfainnse iarracht a dhéanamh níos mó foighne a bheith agam dar ndóigh, agus iarracht a dhéanamh cás dearfach na Gaeilge a chur ina luí ar dhaoine atá diúltach ina taobh, ach chun an fhírinne ghlan a rá, níl an fuinneamh agam a thuilleadh chun tabhairt faoina leithéid.
Ní mór dom a rá gur minicí i bhfad daoine a bheith dearfach agus fiosrach i leith na Gaeilge le blianta beaga anuas agus an teanga á plé (má tharlaíonn nach bhfuil mé in ann an comhrá a chuir dá threo sciobtha a dhóthain). Baineann na freagraí diúltacha thuasráite le glúin níos sine go hiondúil, feictear dom.
Ach más dearfaí tuairimí na ndaoine mar sin féin, níl fonn orm iad a chloisteáil ach an oiread. B’fhéidir go ndéanfaidh sé droch-Ghael díom, ach b’fhearr dom an t-ábhar ar fad a sheachaint.
Tá mo chroí agus mo shaol fite fuaite leis an nGaeilge agus níl fonn orm éisteacht le hoiread agus monalóg amháin eile ó dhuine a bhfuil cúpla deoch ólta aige agus a cheapann go bhfuil réiteach aige ar na fadhbanna casta ar fad a bhaineann leis an teanga. Ní dhéanfaidh na tuairimí seo difear ar bith domsa ach roinnt nóiméad de mo shaol a chur amú.
Mar sin, an chéad uair eile a fhiafróidh strainséir díom, cad a dhéanaim ó thaobh cúrsaí oibre de, déarfaidh mé leis go mbím ag obair in oifig – ag plé leis an bpáipéarachas den gcineál is leadránaí.
Déarfaidh mé tada faoi na poist éagsúla atá agam a bhaineann leis an nGaeilge agus faoin dea-thionchar atá ag an teanga ar mo shaol. Ní luafaidh mé na deiseanna ar fad a thagann i mo threo mar gheall uirthi ná an pobal bríomhar Gaeltachta ina gcaithim mo shaol anois.
Ní osclóidh mé mo bhéal i ndáil lena thábhachtaí is a bheadh sé dom, mo chuid páistí a thógáil trí Gaeilge dá mbeadh clann agam choíche, agus ní chuirfidh mé nóiméad eile amú ag déanamh cur síos ar a lárnaí agus atá an teanga mhilis ársa seo dom’ fhéiniúlacht.
Fanfaidh mé i mo thost, agus oibreoidh mé liom go ciúin. De réir a gcloisimse, ní briathra a dhearbhaíonn ach gníomh…