Ruth Keggin Gell ceaptha ina ‘Greinneyder’ i Manainn

Is í Ruth Keggin Gell, an t-amhránaí Gaelach mór le rá as Manainn, atá ceaptha i ról ‘Yn Greinneyder’ (Oifigeach Forbartha Teanga) ina hoileán dúchais.

Is é post an Greinneyder an post is sinsearaí agus is tábhachtaí dá bhfuil ann ó i saol na Manainnise agus beidh cúraimí go leor ar Ruth deiseanna agus acmhainní na teanga a fhorbairt.

Is í an Ruth an chéad bhean a ceapadh sa ról ó cruthaíodh an post. Bhí an Manainniseoir aitheanta Adrian Cain sa ról ar feadh 16 bliain go dtí gur éirigh sé as níos luaithe i mbliana. Ba é Phil Gawne an chéad Greinneyder a bhí sa ról roimh Adrian.

Cuirfidh Ruth Keggin Gell an Mhanainnis chun cinn ar fud an oileáin, tacóidh sí le lucht labhartha na Manainnise, agus cabhróidh sí le ‘Straitéis an Manainnise’ a chur i gcrích.

Beidh cúrsaí agus ranganna Manainnise á n-eagrú aici, chomh maith le ciorcail chomhrá agus tograí eile, agus beidh sí ag baint úsáide as na meáin thraidisiúnta agus shóisialta leis an teanga a chur chun cinn.

Tá cáil ar Ruth cheana féin i saol an cheoil Ghaelaigh. Is amhránaí, pianódóir, fliúiteadóir, agus feadógaí í a bhfuil dhá albam curtha amach aici.

Bíonn sí le feiceáil ag féilte idirnáisiúnta ar nós Celtic Connections na hAlban, agus is minic a bhíonn sí ar aon ardán le leithéidí Julie Fowlis, Mary Black agus ceoltóirí eile mór le rá.

Tá sí mar chuid den togra ceoil ‘Aon Teanga: Un Çhengey’ le Màiri Anna NicUalraig as Albain agus Eoghan Ó Ceannabháin as Éirinn, togra a fhéachann leis na trí náisiún Ghaelacha a cheangail athuair tríd an gceol.

Tá BA sa Cheol aici ó Ollscoil York agus Teastas Iarchéime san Oideachas ó Ollscoil Cambridge. Tá na blianta caite aici ag múineadh an cheoil agus na Manainnise do dhaoine fásta agus do pháistí araon.

Tá sí an-ghníomhach i saol na Manainnise agus saol an cheoil Ghaelaigh i Manainn, agus tá sí ina ball de Caarjyn Cooidjagh (cór Manainnise) agus cabhraíonn sí leis an bhféile Cheilteach Yn Cruinnaght.

“Is duine mé a chreideann go huile is go hiomlán i luach agus tábhacht na Manainnise. Is mór an onóir dom an deis seo a bheith i mo Ghreinneyder. Tá mé ag súil le bheith ag obair le grúpaí agus daoine eile a bhíonn ag saothrú go dian leis an Manainnis a chur chun cinn agus tacú léi, chomh maith le bheith ag obair le foireann Culture Vannin.

“Tá mé ar bís fáilte a chur roimh dhaoine nua isteach i saol na Manainnise, agus le bheith ag ceiliúradh na teanga leo siúd a bhfuil grá mór aici di cheana féin,” a dúirt Ruth.

Beidh Ruth ag obair ar bhonn páirtaimseartha go dtí deireadh na míosa seo chugainn, nuair a thosóidh sí ag obair go lánaimseartha le foireann Culture Vannin.

Dúirt stiúrthóir na heagraíochta cultúir, Breesha Maddrell, go bhfuil sí “an-sásta” go mbeidh Ruth ar fhoireann na heagraíochta.

“Tabharfaidh sí léi buanna móra chuig an ról dúshlánach seo, go mór mór maidir leis an múinteoireacht, an obair phobail, agus an abhcóideacht don teanga,” a dúirt sí.

SCÉALTA EILE