Tá an institiúid teanga Sabhal Mòr Ostaig, atá lonnaithe san Eilean Sgitheanach, tar éis ceannas a ghlacadh ar stiúradh an chúrsa Gàidhlig ar an aip foghlama teangacha Duolingo. Cuireadh an cúrsa Gàidhlig le Duolingo in 2019, i ndiaidh fheachtas mór ó lucht labhartha na teanga, agus fógraíodh an tseachtain seo caite go bhfuil os cionn milliún duine á foghlaim ar an aip anois.
Beidh ceannaire na foirne a chuir an chéad leagan den chúrsa le chéile, Màrtainn Mac a’ Bhàillidh, fós ag plé le forbairt an chúrsa chomh maith le baill a fhoirne, ach is i Sabhal Mòr Ostaig a bheidh an obair á déanamh.
Ag labhairt di leis an nuachtán Holyrood in Albain, dúirt príomhoide Shabhal Mòr Ostaig, Gillian Munro, go gcabhróidh an comhoibriú nua seo a hinstitiúid agus Duolingo na cúrsaí atá ar fáil san Eilean Sgitheanach agus cúrsa Duolingo a thabhairt níos gaire dá chéile.
“Is léir ón rath atá ar an gcúrsa Gàidhlig ar Duolingo go bhfuil borradh mór faoin éileamh atá ar fhoghlaim na Gàidhlig in Albain agus thar lear, agus ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis na hoibrithe díograiseacha deonacha a chuir cúrsa iontach le chéile – go raibh míle maith agaibh,” a dúirt sí.
Dúirt bainisteoir náisiúnta na Breataine Duolingo, Colin Watkins, go bhfuil sé cinnte go bhfásfaidh an cúrsa Gàidhlig faoi stiúir lucht Shabhal Mòr Ostaig.