Téarma maslach é ‘Oreo’ i measc déagóirí bochta Afrai-Mheiriceánacha a dhéanann cur síos ar dhuine acu atá ‘dubh ar an taobh amuigh ach bán ar an taobh istigh’. Cuirtear i leith ‘Oreo’ go bhfuil sé tar éis glacadh le nósanna agus luachanna ‘na meánaicme báine’ ar nós leabhair a léamh agus torthaí maithe a fháil ar scoil agus go bhfuil sé tar éis a chine féin a thréigean dá bharr.
Ar nós gach dreama eile, cuireann an pobal gorm an-bhéim ar bheith dílis dá gcine féin. Níor mhaith leo cúl a thabhairt dá nósanna, dá gcultúr ná dá gcanúint féin, an ‘Afrai-Mheiriceáinis’, mar go bhfuil féiniúlacht an phobail fite fuaite inti.
Níl aon dabht ach go bhfuil saibhreas cultúrtha agus teangeolaíoch ag baint leis an gcanúint seo, ach uaireanta is bac í dar leis an ollamh gorm Julie Washington. Ar cheann de na cúiseanna go bhfuil an pobal Afrai-Mheiriceánach chomh mór sin ar chúl san oideachas, a deir sí, tá go dteipeann ar thrian de dhaltaí gorma an Béarla caighdeánach a thabhairt leo i gceart ar scoil.
Tá Washington ag iarraidh an fhadhb sin a réiteach trí ‘chódmhalartú’ a chur chun cinn i measc daltaí gorma. Is é sin le rá, go mbainfeadh daltaí gorma úsáid as an mBéarla caighdeánach ar scoil agus an Afrai-Mheiriceáinis sa bhaile nó i measc cairde.
Chuige sin, teastaíonn ó Washington go n-aithneofaí go bhfuil tuilleadh tacaíochta ag teastáil ó dhaltaí Afrai-Mheiriceánacha chun an Béarla caighdeánach a shealbhú. Dar léi nach bhfuil an córas oideachais ag freastal ar riachtanais an phobail Afrai-Mheiriceánaigh faoi láthair. Teipeann ar sciar maith acu léamh agus scríobh an Bhéarla chaighdeánaigh a thabhairt leo mar go gcuireann córas fuaimnithe na teanga isteach orthu. Tá difríochtaí suntasacha ann idir an Béarla caighdeánach agus an Afrai-Mheiriceáinis, ní hamháin ó thaobh na foghraíochta de ach ó thaobh stór focal, briathra agus nathanna cainte freisin.
Nuair nach féidir le daltaí gorma dul i ngleic leis an mBéarla caighdeánach, tagann frustrachas orthu agus titeann siad taobh thiar dá gcomhscoláirí. Ní éiríonn le cuid mhaith acu breith suas riamh. Ceapann siad go mba cheart go mbeadh sé éasca dóibh an Béarla caighdeánach a fhoghlaim ós rud é gur Meiriceánaigh iad, agus nuair a theipeann orthu tagann lagmhisneach agus frustrachas orthu.
Chun an scéal seo a leigheas, molann Washington do mhúinteoirí meas a léiriú don Afrai-Mheiriceáinis agus í a chur san áireamh agus iad ag teagasc, ag cur ar shúile na ndaltaí gorma na cosúlachtaí agus difríochtaí idir a gcanúint féin agus an Béarla caighdeánach.
Deir Washington go bhfuil cur chuige nua de dhíth ar an bpobal gorm a leanfadh sampla an chórais dhátheangaigh atá ag na hinimircigh Mheicsiceacha. Faoin gcóras sin, is í an Spáinnis príomhtheanga an teagaisc i mblianta tosaigh na scolaíochta agus múintear an Béarla amhail is gur teanga iasachta é go dtí go mbíonn bunchlocha na teanga tugtha leo ag na hinimircigh.
Ach cuireann go leor scoileanna i gcoinne mholtaí Washington. Lear mór díobh, níl ach drochmheas acu ar an gcanúint Afrai-Mheiriceánach, agus dar leo nár cheart go mbeadh sí ina huirlis teagaisc ar chor ar bith, fiú mura mbeadh sí in úsáid ar scoil ach ar feadh cúpla bliain go dtí go rachadh daltaí i dtaithí ar an mBéarla caighdeánach. Tá Washington ar a dícheall ag iarraidh an meon sin a athrú ar mhaithe le cúrsaí oideachais a fheabhsú i measc an phobail ghoirm. Gach rath uirthi.