Tá iomrá ar Alba Nua Cheanada mar gheall ar an chultúr Gàidhlig atá beo ar an leithinis le beagnach 250 bliain. Bhí taithí ag Gaeil na hÉireann ar an dúiche chomh maith thar na blianta agus inniu féin tá tionchar na nÉireannach – ár dteanga san áireamh – le brath ann. Faoi láthair tá Amy Mitchell ag múineadh Gaeilge sa phríomhchathair Halifax, áit a bhfuil sí ceaptha ina Teagascóir Gaeilge le Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada (ICUF). Seo a scéal…
Tá an téarma nua faoi lán seoil anseo arís i Halifax, ar chósta thoir Cheanada.
Tháinig mé ar ais go hAlba Nua cúpla seachtain ó shin don dara seimeastar ollscoile tar éis dom an Nollaig a chaitheamh in Éirinn, agus is cosúil gur tháinig aimsir ghéar an gheimridh in éineacht liom!
Is cathair bheag ollscoile í Halifax, suite díreach ar an gcósta Atlantach.
Cuireann sé cathair na Gaillimhe go mór i gcuimhne dom.
Mar aon gcéanna le príomhchathair iarthar na hÉireann, tá suim mhór ag muintir phríomhchathair na hAlban Nua sna healaíona – ach go háirithe sa cheol – agus is minic a bhíonn ceol traidisiúnta na hÉireann agus na hAlban le cloisteáil sna tithe tábhairne.
Tá an cultúr Gaelach le brath ar fud Chúige na hAlban Nua ar ndóigh, agus is féidir an blas so-aitheanta sin a chloisteáil i ngnáthchaint na ndaoine áitiúla sa lá atá inniu ann fiú.
Tá mé i mbun mhúineadh na Gaeilge in Ollscoil Mhuire Naofa (nó SMU) i Halifax le níos mó ná bliain anuas ag an bpointe seo.
Thosaigh mé in 2014 agus bhí mé lonnaithe i SMU go dtí mí Bealtaine 2015.
Thug Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada (ICUF) seans dom teacht ar ais i mbliana agus thapaigh mé an deis bhreá sin toisc gur bhain mé an oiread suilt as an gcéad bhliain anseo.
Is ollscoil bheag go leor í SMU a chiallaíonn go bhfuil sé éasca bualadh le daoine agus teagmháil a choinneáil le cairde.
Faoi láthair tá dhá bhunrang á mhúineadh agam.
Thosaigh grúpa amháin ag déanamh staidéir ar an nGaeilge ag tús mhí Mheán Fómhair agus thosaigh an dream eile ag tús na míosa seo.
Is léir dom go bhfuil suim mhór ag na mic léinn sa teanga agus sa chultúr – cuireann siad ceisteanna suimiúla orm gach aon lá!
Amy, an dara duine ón deas, le teagascóirí eile de chuid ICUF.
Tháinig Aralt Mac Giolla Chainngh (an fearr taobh thiar de Ghaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir in Ontario) ar cuairt chugainn roimh an Nollaig chun caint spreagúil a thabhairt faoi staid na teanga i gCeanada agus faoi na himeachtaí a bhíonn ar siúl ar fud na tíre.
Ba mhaith le cuid acu anois freastal ar thum-dheireadh seachtaine nó ar Oireachtas Cheanada a eagraítear i rith an tsamhraidh.
Sna ranganna féin tá Ceanadaigh a bhfuil fréamhacha Éireannacha acu cinnte ach chomh maith leo sin tá an-chuid mac léinn ó Cheanada agus ó thíortha eile (an tSín, an Bhanglaidéis mar shampla) nach bhfuil an cúlra sin acu ach a bhfuil suim mhór acu i dteangacha, nó sa chultúr Ceilteach go ginearálta.
Níl drogall orthu triail a bhaint as an teanga sna ranganna, nó sna hallaí, rud a thugann fuinneamh mór dom.
Cuirim cruinnithe níos neamhfhoirmiúla ar siúl i gcaifé deas sa cheantar i rith an téarma chomh maith chun seans a thabhairt dóibh a gcuid Gaeilge a úsáid lasmuigh den seomra ranga.
Stair na nÉireannach
Maidir leis an gcathair féin, tá stair fhada ag na hÉireannaigh anseo.
Tháinig an-chuid imirceach Éireannach i dtír i Halifax sa 18ú agus 19ú céad.
Chuaigh cuid acu ar aghaidh go háiteanna eile sa chúige (go dtí na bailte iascaireachta ar an gcósta, mar shampla), nó go dtí na Stáit Aontaithe, ach lonnaigh roinnt mhór Gael sa chathair féin, áit a bhfuair siad obair ar an gcuan nó sa tionscal tógála.
Tugadh ‘Baile na nÉireannach’ ar cheantar áirithe i ndeisceart na cathrach tráth agus inniu, de réir an daonáirimh, deir 24% de dhaonra Halifax go bhfuil cúlra Éireannach de chineál éigin acu.
Bíonn an saol Éireannach bríomhar i gcathracha móra na tíre – Toronto, Vancouver, Calgary – ach tá pobal réasúnta mór i Halifax chomh maith.
Bunaíodh club Chumann Lúthchleas Gael anseo trí bliana ó shin, Na Halifax Gaels, atá faoi lán seoil go fóill agus ag dul ó neart go neart i gcónaí.
Bunaíodh foireann Pheil na mBan i rith an tsamhraidh seo caite agus ghlac siad páirt i gcomórtas i gcoinne Ottawa i mí Mheán Fómhair.
Bhí an Ghaeilge féin le cloisteáil i Halifax blianta fadó ar ndóigh, díreach mar atá sí le cloisteáil go fóill.
Le 20 bliain anuas tá ciorcal comhrá ar siúl sa chathair gach Déardaoin agus tagann Éireannaigh agus Ceanadaigh araon ó áiteanna éagsúla ar fud an chúige chun an teanga a chleachtadh lena chéile.
D’fhág na hÉireannaigh a rian ar shaol na hAlban Nua thar na blianta, agus tá áthas orm a rá go bhfuil an traidisiún sin fós beo inniu!
Más mian leatsa cur isteach ar ICUF agus bheith i do Theagascóir Gaeilge in ollscoil i gCeanada, is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo.
Is é an spriocdháta d’iarratasóirí i mbliana an 5 Feabhra 2016.