Scéal an fhir a mhúin an Bhreatnais don Phrionsa Charles

Fuair Edward ‘Tedi’ Millward bás le gairid agus é 89 bliain d’aois. Léachtóir le Breatnais, polaiteoir náisiúnaíoch agus duine de chomhbhunaitheoirí Cymdeithas yr Iaith Gymraeg (Cumann Teanga na Breatnaise) a bhí ann. 

Bhain sé cáil níos forleithne amach an bhliain seo caite mar gheall ar an léiriú a dhéantar sa tsraith Netflix The Crown ar an tréimhse a chaith sé ina theagascóir Breatnaise ag an bPrionsa Charles.

Nuair a iarradh ar Tedi Millward an Bhreatnais a mhúineadh don Phrionsa, thug sé le fios go láidir nach mbeadh sé sásta tabhairt faoi. Cheap sé gur baol dó ceap magaidh a dhéanamh dá sheasamh láidir náisiúnaíoch agus poblachtach ar son na Breataine Bige. Ach níor thug a fhostóirí i gColáiste na hOllscoile, Aberystwyth, an dara rogha dó.

Os rud é gurbh é Millward a bhunaigh an chéad chúrsa chun Breatnais a mhúineadh do thosaitheoirí ar leibhéal na hollscoile, níl aon amhras ach gurbh é ab fhearr a d’oir don phost. Ach toisc go raibh ról lárnach aige i ngluaiseacht náisiúnaíoch na Breataine Bige, bhí eagla air go mbainfí dá chlú dá dtoileodh sé an Prionsa Charles a theagasc chun é a ullmhú le hóráid a thabhairt sa Bhreatnais le linn a insealbhaithe mar Phrionsa na Breataine Bige ar an 1 Iúil, 1969. 

Cuirtear an choimhlint sin os ár gcomhair in eagrán den tsraith is déanaí de The Crown ar Netflix. Cé nach léiriú iomlán cruinn a thugtar sa tsraith ar an gcaidreamh idir Millward agus Charles, bhí a gcaidreamh chomh suimiúil céanna san fhíorshaol. 

Nuair a tuairiscíodh ar na nuachtáin in 1967 go raibh Millward le bheith ina theagascóir Breatnaise ag an bPrionsa ar feadh tréimhse naoi seachtaine in Aberystwyth, d’éirigh Millward as mar leasuachtarán ar Plaid Cymru, an páirtí polaitíochta náisiúnaíoch, agus chuir an Brainse Speisialta é faoi agallamh “an-dian”.

Bhí sé cinnte de go raibh an tseirbhís slándála amhrasach faoi. Óir bhí agóidí eagraithe ag Millard in 1963 ina raibh sé mar sprioc aige go ngabhfaí é ionas go bhféadfadh sé a chás a throid sa chúirt trí mheán na Breatnaise agus aird a tharraingt ar cheist na teanga. Níor gabhadh é ar deireadh ach tugadh poiblíocht dá chúis nuair a chuir a agóid suí bac ar an trácht ar feadh leath uair an chloig ar dhroichead i mbaile Aberystwyth.

Ní fios an seift a bhí i gceapadh Millward le comhar a chur chun cinn idir an teaghlach ríoga agus náisiúnaithe na Breataine Bige, ach caithfidh go raibh na húdaráis slándála sásta nach baol do Charles Millward a bheith mar theagascóir aige. Go deimhin, cé go mbíodh Millward chun tosaigh sna feachtais pholaitíochta náisiúnaíocha, cháin sé an foréigean go neamhbhalbh.

In The Crown, bíonn Millward agus Charles in adharca a chéile ar dtús. Deir Charles leis: “Is ionann an Bhreatain Bheag agus an Bhreatain agus is ionann an Bhreatain agus an Bhreatain Bheag. San am atá thart, bhíomar riamh taobh le taobh ar pháirc an chatha”. Is é a deir Millward mar fhreagra: “San am atá thart, dhoirt Breatnaigh a gcuid fola ar mhaithe le concais do chorónach.”

Le fírinne, ní raibh aon chur agus cúiteamh den sórt sin ann, ach is cinnte go raibh teannas idir an bheirt. Dhiúltaigh Millward ‘A Mhaorgacht’ a thabhairt ar Charles nó umhlú dó. 

“Ní raibh mórán bróid orm as bheith mar mhúinteoir aige. Cuireadh iallach orm é a dhéanamh. Níor theastaigh uaim go ndéanfaí Prionsa na Breataine Bige de agus bhí sé sin ar eolas aige,” a dúirt sé.

Agus é ina chónaí i hallaí na mac léinn in Aberystwyth, mhothaigh Charles uaigneach agus scoite amach. Nuair a dúirt sé ‘bore da’ (‘maidin mhaith’) le bean ar an gcampas, d’fhreagair sí go pras nach raibh Breatnais aici. 

In The Crown, bíonn Millward ag casaoid le Charles as gan a dhícheall a dhéanamh. San fhíorshaol, d’oibrigh Charles chomh crua sin go ndearna na mic léinn a bhí béal dorais leis gearán go raibh sé á gcoinneáil ina ndúiseacht agus é ag cleachtadh nathanna cainte go déanach san oíche. 

“Bhí sé an-díograiseach agus bhí canúint an-mhaith aige i ndeireadh na dála,” arsa Millward.

Duine dathúil, pointeáilte, mealltach ar bhealach, agus stuama a bhí sa léachtóir agus de réir a chéile thosaigh sé ag baint taitnimh as cuideachta an Phrionsa óig agus grá acu araon don stair. D’admhaigh sé, go doicheallach ar dtús, gur duine “éirimiúil, lách, agus tarraingteach a bhí i Charles. D’éiríomar geanúil ar a chéile.”

D’éisteadh an Prionsa go machnamhach le Millward ag cur síos ar chruachás na Breatnaise agus ar mheath an chultúir Bhreatnaigh. 

Agus veist philéardhíonach á chosaint faoina éadaí galánta, thug an Prionsa Charles óráid ghairid ag Caisleán Caernarfon i gcanúint mheasartha Bhreatnaise. Meastar go raibh os cionn 500 milliún duine ag breathnú ar an teilifís air.

 “Tá sé mar rún daingean agam mé féin a cheangal i bhfocal agus i ngníomh le saol na prionsachta a oiread agus is féidir liom. Agus cad é a feabhas mar phrionsacht,” a dúirt sé.

Bhí imní ar rialtas Shasana go gcuirfeadh caint an Phrionsa borradh faoi náisiúnachas na Breataine Bige.

Bhí diúltaithe ag Millward do chuireadh freastal ar an searmanas ach bhí sé bródúil go raibh caighdeán níos fearr bainte amach ag a mhac léinn ná mar a bhí sé ag súil leis agus gan ach naoi seachtaine d’oiliúint tugtha aige dó.

Choinnigh siad i dteagmháil lena chéile. Ar chloisteáil dó go raibh Millward tar éis bháis, dúirt Charles: “Tá cuimhní an-cheanúil agam ar an tréimhse a chaith mé in Aberystwyth leis an Dr Millward. Is iontach an méid a d’fhoghlaim mé uaidh faoin mBreatnais agus faoi stair na Breataine Bige.”

Dhiúltaigh Millward do chuireadh freastal ar phósadh Charles le Diana Spencer in 1981. “Ní raibh aon ní pearsanta i gceist leis. Shíl sé nach mbeadh sé oiriúnach dó freastal air i gcomhthéacs na dtuairimí sóisialta agus polaitiúla a bhí aige,” arsa iníon Millward.

I dtreo dheireadh a shaoil, dúirt Millward go raibh sé sásta gur bhain an Bhreatain Bheag níos mó neamhspleáchais amach lena linn, ach nár leor é go fóill. Bhí lúcháir air faoin mborradh a bhí tagtha faoi na scoileanna Breatnaise. Mhol sé go hard an t-eagrán de The Crown ina léirítear é féin, agus é an-sásta go háirithe gur sa Bhreatnais a bhí leath den dialóg.