Seolfar scéim “a thabharfaidh aitheantas agus oiliúint” do mhic léinn a bhíonn gníomhach i gcur chun cinn na Gaeilge i gcoláistí na tíre ag ócáid ar líne anocht.
Aontas na Mac Léinn in Éirinn agus Conradh na Gaeilge a chuir an scéim le chéile agus beidh iarbhaill de chumainn Ghaelacha na gcoláistí ann anocht leis an rud a sheoladh.
Ar na daoine sin beidh bainisteoir Raidió Rí Rá, Niamh Ní Chróinín, an láithreoir Caoimhe Ní Chathail, Oifigeach Pleanála Teanga Chorca Dhuibhne John Prendergast, agus duine de bhunaitheirí an Pop Up Gaeltacht Osgur Ó Ciardha.
Beidh ceithre chuid den scéim ann: an mheantóireacht, an oiliúint, an bronnadh teastas, agus bronnadh gradam.
Cuirfear meantóirí ar fáil do na mic léinn tríú leibhéal le “comhairle, tacaíocht agus moltaí” a chur ar fáil dóibh agus dá n-ionadaithe. Reáchtálfar ceardlanna oiliúna “go rialta” leis na mic léinn agus a n-ionadaithe a thraenáil sna “scileanna cuí a bheidh ag teastáil uathu” le pleananna oibre a chur i gcrích, agus bronnfar teastas an ‘Ghníomhaí Gaeilge’ ar gach mac léinn agus ionadaí a n-éiríonn leo spriocanna na scéime a bhaint amach.
Ar deireadh ar fad beidh searmanas bronnta gradam ann ag deireadh na bliana agus bronnfar gradaim ar chumainn Ghaelacha agus ar aontais mac léinn a “chuirtear an clár oibre a aontaítear leis na meantóirí i gcrích”. Ní gradaim iomaíocha a bheidh i gceist ach “aitheantas don Aontas nó don Chumann Gaelach” as an obair a dhéanfaidh siad ar son na Gaeilge sa choláiste.
“Creideann muid go dtugann na mic léinn a bhíonn gníomhach ar son na Gaeilge ar an tríú leibhéal sna hAontais Mac Léinn agus sna Cumainn Gaelacha splanc do ghluaiseacht na Gaeilge trí thionscadail, imeachtaí agus feachtais éagsúla a eagrú agus tá toradh na hoibre sin le feiceáil le cúpla bliain anuas ach go háirithe le líon na mac léinn gníomhach ag ardú.
“Ba mhaith linn tacú leo níos mó amach anseo agus aitheantas a thabhairt dóibh as an obair den scoth a dhéanann siad go deonach le deiseanna úsáide Gaeilge a chur ar fáil agus leis an teanga a spreagadh i measc mac léinn,” a dúirt Lorna Fitzpatrick, Uachtarán Aontas na Mac Léinn.
Chuirfear tús leis an scéim nua sa bhliain acadúil 2021/22 agus is féidir le mic léinn, cumainn Ghaelacha, aontais mac léinn agus ábhar meantóirí spéis a léiriú anseo.