Tá Seachdain na Gàidhlig faoi lán seoil i láthair na huaire, feachtas atá ar aon dul le Seachtain na Gaeilge s’againn féin.
Cé go raibh Là na Gàidhlig ar siúl roimhe seo – agus gur eagraíodh Mìos nan Gàidheal in Albain Nua Cheanda anuraidh – is í seo an chéad uair atá imeachtaí á reáchtáil ar son na teanga ar fud na hAlban agus go hidirnáisiúnta san aon seachtain amháin.
Tá imeachtaí spóirt, teaghlaigh, litríochta, scannánaíochta agus eile ar an gclár, agus tá béim mhór ar scoileanna ann chomh maith agus pacáiste oideachasúil curtha ar fáil do dhaltaí bunscoile agus meánscoile sa tír.
Is í Joy Dunlop, amhránaí agus craoltóir aitheanta, atá ina stiúrthóir ar Sheachdain na Gàidhlig agus í ag moladh do dhaoine cibé Gàidhlig atá acu a úsáid le linn na seacht lá.
“Cé go bhfuil ócáidí oifigiúla againn, tá sé chomh tábhachtach céanna, nó níos tábhachtaí go fiú, go n-úsáidfidh daoine an Ghàidhlig san fhíorshaol nó ar líne agus go bhféachfaidh sinn uile leis an Ghàidhlig a neartú agus a spreagadh,” ar sise.
Agus tá éacht bainte amach cheana féin i saol Ghaeilge na hAlban an tseachtain seo, is é sin go bhfuil breis agus milliún duine anois ag foghlaim na teanga ar an aip Duolingo.
In 2018 thuairiscigh muid go raibh tús curtha leis an bhfeachtas chun Gàidhlig a chur i measc na roghanna ar Duolingo agus is iontach an dul chun cinn atá déanta taobh istigh de cheithre bliana.
Más mian leat páirt a ghlacadh sna hiarrachtaí, ná déan dearmad go bhfuil buntáiste sa bhreis againne in Éirinn sa mhéid go bhfuil neart cosúlachtaí idir an dá theanga ghaolmharam.
Mar sin bain úsáid as do chuid Gàidhlig an tseachtain seo agus amach anseo, bíodh sí fileanta agat nó ná bíodh!
Tha am fiosrachadh air fad mu deidhinn air seachdainnagaidhlig.scot