Seans gur gá an inimirce nó an turasóireacht a shrianadh chun rabharta an Bhéarla a chosc

Tá iriseoir Gael-Mheiriceánach díreach fillte abhaile ó Éirinn agus í tar éis alt a scríobh ar a cuairt anseo. Tar éis do Megan McArdle ón Washington Post tamall a chaitheamh sa Ghaeltacht agus tuiscint a fháil ar an gcaoi a bhfuil an Ghaeilge faoi bhrú ón mBéarla agus ó Bhéarlóirí ag teacht isteach chuig an gceantar, tá sí tar éis athmhachnamh a dhéanamh ar chúrsaí cultúir agus inimirce.

Duine liobrálach is ea í a thacaíonn leis an inimirce i Meiriceá agus an ghráin aici ar Donald Trump agus a chuid polasaithe in aghaidh na hinimirce. Roimhe seo, shamhlaigh sí seineafóibe agus cúngaigeantacht le ‘lucht caomhnaithe cultúir’, mar sin, agus cheap sí nach raibh sa mhórtas cultúrtha ach leithscéal chun inimircigh a choinneáil amach. Tuigeann sí anois, áfach, nach é an fuath a spreagann gach duine ar mian leo a gcultúr dúchais a chosaint.         

Tá meas aici ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh an Ghaeilge a thabhairt slán sa Ghaeltacht agus ar “dhíocas diongbháilte” na ndaoine atá i mbun na hoibre. Ach aithníonn sí gur snámh in aghaidh easa é an tasc seo mar gheall ar rabharta an Bhéarla i ngach gné den saol: ar an idirlíon, ar an teilifís agus i measc cuairteoirí agus lonnaitheoirí nua. Sa chomhthéacs seo, tuigeann sí cén fáth go mbeadh daoine ag iarraidh srian a chur ar an inimirce.

Ní féidir líne ghlan, dhíreach a tharraingt idir, ar láimh amháin, an grá atá againn dár bpobal, dár dtír, dár dteanga agus do na nithe dár dínn iad; agus ar an láimh eile, fuath dóibh siúd nach muidne iad, agus fonn dochar a dhéanamh dóibh. 

D’fhéadfaimis deighilt ghlan a dhéanamh idir na rudaí seo go teoiriciúil – agus muintir na Gaeltachta ag iarraidh a dteanga féin a úsáid, ní gá go mbeadh aon naimhdeas acu dóibh siúd ina measc nach bhfuil an Ghaeilge acu – ach san fhíorshaol, is minic nach mbíonn sé chomh simplí sin, a deir McArdle. 

Cáineann McCardle an claonadh atá ann i measc aos liobrálach ár linne caitheamh leis an saol amhail is gur turasóirí muid ar fad agus caitheamh le cultúr amhail is nár cheart dúinn bheith ródháiríre faoi. 

Faoin tuiscint seo, is maith an rud é blaiseadh beag a fháil de gach cultúr – is maith ann do na hinimircigh toisc go gcuireann siad bia deas Indiach ar fáil dúinn, cuir i gcás, agus is deas an rud é raon teangacha a chloisteáil agus modhanna gléasta éagsúla a fheiceáil ar na sráideanna.

Faoin dearcadh seo, is ‘gourmand’ cultúrtha gach duine, muid inár saoránaigh dhomhanda, ag baint súip as beagáinín a ithe ó gach biachlár ach gan an rud céanna a bheith againn faoi dhó. 

 Tháinig McCardle ar an tuiscint agus í sa Ghaeltacht, áfach, nach féidir caitheamh le rudaí áirithe sa chaoi seo. Ní féidir breathnú ar an nGaeilge mar chaitheamh aimsire nó mar mhaisiúchán cultúrtha má táthar ag iarraidh í a athbheochan i gceart, cuir i gcás. 

Le go mairfidh an teanga, beidh ar phobal na teanga tosaíochtaí a shonrú agus diúltú do nithe áirithe: beidh ar dhaoine i bhfad níos lú Béarla a labhairt, ar an gcéad dul síos, agus seans go mbeidh orthu an inimirce nó an turasóireacht a shrianadh chun rabharta an Bhéarla a chosc. 

Is dócha go bhfuil áibhéil agus maoithneachas áirithe in alt McArdle agus gan í ach tar éis smaointe fánacha a bhreacadh síos ar an gceist. Ach san am céanna, tá blas na fírinne ar a cuid cainte nuair a deir sí nach foláir cinntí crua a dhéanamh i dtaobh Béarlóirí ag teacht isteach chuig an nGaeltacht, pé acu más turasóirí nó inimircigh atá i gceist. 

Ar ndóigh tá eisimirce na gcainteoirí dúchais ina ceist chomh práinneach nó níos práinní fós. 

Gnáthóg leochaileach is ea an Ghaeltacht faoi láthair agus ní fada uainn iompú na taoide i dtreo an Bhéarla – d’fhéadfadh mionathruithe i ndaonra an phobail nó i ngnásanna turasóireachta bheith ina mbuillí marfacha don teanga sa cheantar, mar sin, agus ní mór dúinn a bheith an-chúramach ina dtaobh.

SCÉALTA EILE