Scríobhtar go minic faoi phribhléid na laethanta seo, agus cloistear “check your privilege!”, ach céard is brí leis sin go baileach agus cén baint atá aige sin le hainmneacha Gaelacha?
Is pribhléidí iad na buntáistí neamhthuillte a bhronnann sochaí ar dhaoine áirithe bunaithe ar chodanna dá bhféiniúlacht, mar shampla: cine, aicme, inscne, gnéaschlaonadh, teanga, reiligiún, cumas, áit chónaithe, agus neart codanna eile nach iad.
Is fusa cos ar bolg ná pribhléid a aithint.
Nuair a dhéantar cos ar bolg ar dhuine, is minic iad a bheith míshásta faoi, agus tugann siad faoi deara go bhfuil sé ar siúl.
Mar shampla, go dtí le fíordhéanaí in Éirinn, bhí pribhléid ag daoine díreacha go raibh siad in ann pósadh, pribhléid nach raibh ag daoine aeracha.
Má tá tú in ann é seo a léamh, is dócha go bhfuil ríomhaire agat ar a bhfuil tú á léamh, agus idirlíon agat len é a léamh, agus dhá shúil agat a oibríonn i gceart.
Sin pribhléidí atá agat.
Tá daoine ann nach bhfuil sé de phribhléid acu a bheith ina gcónaí sa chéad domhan, agus daoine eile nach bhfuil radharc na súl acu.
Má tá pribhléidí ar leith agat, ní chiallaíonn sé sin nach bhfuil tú faoi chois i mbealaí eile.
Is minic daoine a bheith cosantach faoi ábhar na pribhléide.
Ach níl an locht ar éinne go bhfuil pribhléid ann, níl ann ach léiriú ar an domhan mar atá.
D’fhéadfá a rá gur iomaí pribhléid atá ag an bhfear bán díreach meánaicmeach atá ina chónaí sa chéad domhan, ach níl ann ach crannchur an tsaoil.
Spreag an ráiteas seo thíos a dúirt Uzo Aduba, aisteoir in Orange is the New Black arb as an Nigéir a tuismitheoirí, an t-alt seo:
Is féidir a rá nach raibh sé de phribhléid ag Uzoamaka ‘gnáth’ ainm a bheith aici. Theastaigh uaithi go mbeadh a hainm ag cloí le coinbhinsean an mhórchultúir i SAM, mar gur thuig sí go mbeadh a saol níos éasca dá bharr.
Is minic nach mbíonn sé de phribhléid ag Gaeil ‘gnáth’ ainmneacha a bheith acu, is cuma más in Éirinn atá cónaí orthu.
Is mar chuid den mhionlach atáimid agus is iondúil na pribhléidí a bheith ag an tromlach.
Tá daoine in Éirinn a bhfuil sé de phribhléid acu a n-ainmeacha a bheith so-aitheanta.
Daoine nach mbíonn aon fhadhb ag Facebook lena n-ainmneacha.
Daoine nach bhfaigheann ‘not a valid name’ go rialta mar fhreagra nuair a scríobhann siad a n-ainmneacha isteach ar fhoirmeacha.
Daoine nár chuala ceist mar “Oh Ní Bhraonáin, so what’s that in English?” riamh.
Dar ndóigh, an rud atá uainn uilig ná athbheochan ainmneacha le nach mbeadh sé aisteach a thuilleadh d’ainm Éireannach a bheith i nGaeilge agat.
Go dtaga an lá a chloisfidh mé ‘Céard é do shloinne? Brennan? Céard é sin i nGaeilge, a mhac?’