Tá seirbhís do chustaiméirí curtha ar fáil i nGàidhlig ag an gcomhlacht farantóireachta is mó sa Bhreatain.
Is iad Caledonian MacBrayne a chuireann seirbhísí farantóireachta ar fáil do mhuintir na n-oileán Gaelach in iarthar na hAlban i Leòdhas agus na Hearadh. An samhradh seo caite, thosaigh CalMac ag cur seirbhísí i nGáidhlig ar fáil ar bhonn triallach, ach dheimhnigh an comhlacht an mhí seo go mbeidh an tseirbhís ann feasta agus iarrachtaí ar bun acu an comhlacht a Ghaelú.
Go dtí seo, ní bhíodh aon chúnamh ar fáil i nGàidhlig ach amháin do chustaiméirí a chuireadh glaoch gutháin ar an gcomhlacht, nó a bhuaileadh isteach go hoifig i gceantar Gaeltachta. Anois, áfach, is féidir le duine ar bith, áit ar bith, seirbhís i nGàidhlig a lorg agus freastalóidh cainteoir dúchais ar an iarratas, a deir CalMac.
Táthar ag súil go mbeidh an Ghàidhlig níos feiceálaí ar chuntais an chomhlachta ar na meáin shóisialta amach anseo freisin.
Dúirt Stiúrthóir Bainistíochta an chomhlachta, Robbie Drummond, gur “céim nádúrtha” a bhí ann seirbhísí Gàidhlig a chur ar fáil i gceantar a bhfuil an teanga á labhairt go laethúil inti.
“Bhí muid ag iarraidh é seo a thabhairt isteach le tamall fada agus éascaíonn an t-ionad nua i Steòrnabhagh soláthar na seirbhíse nua seo,” a dúirt sé.
Tá tuairim is 1,700 duine fostaithe ag CalMac i gceantar mór fairsing ó Cheann Tíre go Leòdhas. Thugadh báid an chomhlachta breis agus 5.6m paisinéir in 33 árthach ar 28 ród go hoileáin bheaga agus mhóra agus áiteanna iargúlta ar an míntír anuraidh.