Seo chugainn SnaG 2015!

Imeachtaí ar fud na tíre / 1 – 17 Márta


Seachtain na Gaeilge? Coicís na Gaeilge? Trí Seachtainí na Gaeilge? Bím scaipthe!

Ach rud amháin atá ar eolas go maith agam ná go bhfuil fás agus forbairt ollmhór ag teacht ar an bhféile seo bliain i ndiaidh bliana.

Ceiliúradh ar ár dteanga is sprioc leis an bhféile, a sheolfar go hoifigiúil i gCultúrlann McAdam Ó Fiach i mBéal Feirste ar 11in inniu agus leanfaidh na himeachtaí ar aghaidh go dtí Lá Féile Pádraig.

Beidh Ambasadóirí na bliana seo, eagarthóir na hirise seo Tomaí Ó Conghaile agus an t-aisteoir / craoltóir, Clíona Ní Chiosáin, i láthair mar aon leis an Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó thuaidh Carál Ní Chuilín.

Beidh ceol beo le clos ó Na Fá Dú Dá’s, seó puipéid ó Fíbín dar teideal Saol faoi Shráid, péinteáil aghaidheanna, sólaistí agus go leor spraoi! Saorchead isteach.

snag-2015

Dé hAoine, 6 Márta 2015 ag 12in, beidh leanaí scoile ag canadh an amhráin chéanna in áiteanna éagsúla timpeall na tíre.

Is Leatsa Í, amhrán an ghrúpa Seo Linn, atá roghnaithe agus ag an mórimeacht seo, béarfaidh aos óg na tíre, na daltaí scoile ar fad, lámha ar a chéile chun Slabhra Láimhe a dhéanamh.

An lá ina dhiaidh, Dé Sathairn, beidh ócáid ar leith ar siúl in ionad an Titanic atá eagraithe ag An Droichead, grúpa pobail Bhéal Feirste, i gcomhpháirt le Seachtain na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge.

Mórdhinnéar na seachtaine atá i gceist leis an imeacht leithleach seo ar a mbeidh baill ón ngrúpa Gaeilge The East Belfast Mission i láthair, i measc go leor eile. Tá fáilte roimh chách.


Coinnigh súil amach don chéad eagrán cló eile de NÓS le haghaidh tuilleadh eolais ar SnaG agus tá liosta cuimsitheach de na hócáidí ar fad le fáil ar snag.ie

SCÉALTA EILE