Tá ainm nua baiste ag lucht a heagraithe ar an bhféile Ghaeilge is mó ar domhan agus tús curtha inniu le ‘Sneachta na Gaeilge’. Agus Éire faoi bhrat bán ó Chionn Mhálanna go Carn Uí Néid, ní chuirfear bac ar an gceiliúradh mór idirnáisiúnta ar an nGaeilge a dhéanfar as seo go Lá Fhéile Pádraig. Ainneoin go bhfuil imeacht mór Bhliain na Gaeilge, BEO – Gaelach agus Bródúil, curtha ar athló go dtí an 14 Aibreán, tá imeachtaí eile fós le bheith ar siúl as seo go ceann coicíse nó mar sin, agus tá cainteoirí Gaeilge ar na meáin shóisialta ag baint sult as an imeartas focal agus an aimsir gheimhriúil.
Grianghraf ó shean oifig Mhíchíl Uí Choileáin, @Uimhir6 @CnaG #GaeilgeBheo #SneachtanaGaeilge #Gaeilge2018 pic.twitter.com/elPONZqzh8
— Seán Ó hAdhmaill (@Feirsteach) 28 Feabhra 2018
Strompaí inniu i Má Nuad ach fan go bhfeicfidh sibh an amchlár atá againn le haghaidh @SnaGaeilge #sneachtanagaeilge #snag 📸📸 @RoisinMullen pic.twitter.com/i2C0KXmuIR
— Cuallacht Cholmcille (@CuallachtMaNuad) 28 Feabhra 2018
Pluid de shneachta do mo sháinniú isteach agus nach mé atá sásta leis. Fainic a chairde; coinnigí te 'is socair inniu. #SneachtaNaGaeilge pic.twitter.com/it0IWtuQCl
— Stiofán Ó Briain (@Ob_OBrien95) 28 Feabhra 2018
Seoladh Seachtain na Gaeilge go hoifigiúil ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge an deireadh seachtaine seo caite i dTrá Lí i gCiarraí agus bhí seoladh eile náisiúnta beartaithe do Bhéal Feirste amárach ach tá sé sin curtha ar ceal mar gheall ar an Sneachta Mór. Tá súil ag lucht eagraithe na féile imeacht eile a eagrú le hArd-Mhéara Bhéal Feirste, Nichola Mallon, i Halla na Cathrach roimh dheireadh na féile.
Dúirt Orlaith Nic Ghearailt, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge gur “trua” go bhfuil imeachtaí curtha ar athló mar gheall ar an aimsir ach go bhfuil “go leor imeachtaí eile” fós le teacht.
“Is trua go bhfuil imeachtaí curtha ar athló de dheasca na drochaimsire ach tá go leor imeachtaí iontacha ar nós Lá na Meán Sóisialta le teacht mar chuid de Sheachtain na Gaeilge. Idir an dá linn is féidir le daoine páirt a ghlacadh san fhéile trí phostálacha a chur amach as Gaeilge ar na meáin shóisialta leis an haischlib #SnaG18 agus trí pháirt a ghlacadh sna comórtais atá á reáchtáil againn,” a dúirt sí.
Tá triúr ambasadóirí ag Seachtain na Gaeilge i mbliana — an láithreoir teilifíse Caitlín Nic Aoidh, an t-iománaí Noel McGrath agus an Snapchatálaí mór le rá James Patrice. Tá an dá ról atá ag Caitlín ag teacht le chéile an tseachtain seo agus í ina hambasadóir ar Sheachtain na Gaeilge agus ina cailín aimsire le TG4.
“Ní hamháin go mbeidh Seachtain na Gaeilge ag clúdú na tíre idir an lá inniu agus an 17 Márta ach tá an chuma ar an scéal go mbeidh Sneachta na Gaeilge againn go dtí an deireadh seachtaine! Thaitin sé go mór liom go raibh daoine ag úsáid #sneachta le linn na seachtaine le cur síos a dhéanamh ar an aimsir. Taispeánann sé dúinn go bhfuil cúpla focal Gaeilge ag gach éinne in Éirinn agus go mbíonn daoine sásta an Ghaeilge a úsáid,” a dúirt sí.