Inniu Lá Eorpach na dTeangacha a dhéanann ceiliúradh ar éagsúlacht na gcultúr atá le fáil i dtíortha na hEorpa agus ar na teangacha a bhaineann leo.
“Léargas eile ar an saol is ea teanga eile” mana na bliana seo agus tá an iliomad imeachtaí teanga ar siúl fud fad na mór-roinne leis an ócáid a chomoradh.
Is iad an Chomhairle Eorpach agus an tAontas Eorpach a chuir tús le Lá Eorpach na dTeangacha in 2001 agus ó shin ar leith tá na milliúin duine tar éis páirt a ghlacadh ann.
“A different language is a different vision of life” – celebrate the European Day of Languages with us! #EuropeanDayofLanguages #EDLangs pic.twitter.com/9vwJD9wiLZ
— European Commission (@EU_Commission) 26 Meán Fómhair 2017
Ceann d’imeachtaí an lae ná iarracht a dhéanamh an líon is mó físeán pearsanta a bhailiú ó dhaoine agus iad ag cur in iúl ar cheamara cén fáth a bhfuil grá acu dá dteanga féin, nó go deimhin do theanga eile!
Tá tuilleadh eolais faoi sin, agus faoin lá féin, le fáil anseo.
Agus ní na mórtheangacha amháin atá sa spotsolas.
Chun cur leis an cheiliúradh tá Lá Idirnáisiúnta na Meán Sóisialta do Theangacha Beaga á reáchtáil inniu chomh maith a bhfuil sé mar sprioc aige teangacha níos lú nó mionlaithe a chur i lár an aonaigh ar líne.
Togra de chuid phobal labhartha na Freaslainnise é seo atá á leathnú amach ar fud na hEorpa agus chun a bheith páirteach moltar do dhaoine an haischlib #EDL2017 a úsáid ar Twitter, Instagram agus Facebook, mar aon le haischlib a dteanga féin, ar nós #Gaeilge #Cymraeg, #Euskara, #Frysk srl.
Tá eolas breise, agus cuntas ar líon na haischlibeanna i ngach teanga, ar fáil ar thisismylanguage.eu
Lá Eorpach na dTeangacha agus Lá Idirnáisiúnta na Meán Sóisialta do Theangacha Beaga faoi mhaise daoibh!